Clare Daly
Is Feisire i bParlaimint na hEorpa do Bhaile Átha Cliath í Clare Daly (Gaeilge: Clár Ní Dhálaigh) (a rugadh sa bhliain 1968). D'fhás sí aníos sa Droichead Nua, Contae Chill Dara.
Bhíodh sí ina ball den Pháirtí Sóisialach ach d'éirigh sí as ar an 31 Lúnasa, 2012.[1] Bhíodh sí mar chomhairleoir áitiúil i bhFine Gall do cheantar Sord.
Tá sí ar son ceart a bheith ann chun ginmhillte.
Gabhadh í go luath sa bhliain 2013 nuair a cuireadh ina leith go raibh sí ag tiomáint faoi thionchar an óil. Scaoileadh saor níos déanaí í, agus fógraíodh go raibh an leibhéal alcóil ina cuid fola níos ísle ná an teorainn dhleathach. De bharr gur sceitheadh an scéal chuig na meáin agus gur cuireadh dornaisc uirthi rinne sí gearán le hOmbudsman na nGardaí ina thaobh, dar léi bhíothas tar éis bheith níos déine uirthi toisc gur scaoil sí féin scéal faoi ghardaí a bhí ag baint pointí píonóis ó cheadúnais tiomána.
Sheas sí san Olltoghchán 2016 agus toghadh í le 15.7% de na vótaí céad rogha sa toghcheantar Baile Átha Cliath Theas.
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |