Claire Hanna
Is polaiteoir Éireannach í Claire Hanna (a rugadh 19 Meitheamh 1980) ó Thuaisceart Éireann. Bhí sí ina Comhalta den Tionól Reachtach (MLA) do Bhéal Feirste Theas ó 2015.[1] I mí na Nollag 2019, toghadh í mar Chomhalta Parlaiminte i nDeisceart Bhéal Feirste i dTeach na dTeachtaí.
Saol agus oideachas luath
Rugadh Hannah i gConamara, Contae na Gaillimhe, agus tá cónaí uirthi i nDeisceart Bhéal Feirste ó bhí sí trí bliana d'aois. D'fhreastail sí ar Bhunscoil Naomh Bríde agus ar Scoil Ghramadaí Rathmore. Tá céim onóracha aici i gCaidreamh Idirnáisiúnta ón Ollscoil Oscailte agus céim mháistreachta sa Dlí ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Tá a cúlra gairmiúil i bhforbairt idirnáisiúnta, le déanaí i ról beartais agus oideachais, agus san áireamh bhí obair sa Bhanglaidéis, i Háítí agus sa tSaimbia.
Tá sí pósta leis an Comhairleoir ó Pháirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre Donal Lyons, agus tá triúr leanaí ag an lánúin.[2]
Gairmréim pholaitiúil
Toghadh Hanna chuig Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, ag déanamh ionadaíochta ar bharda Balmoral, ó 2011 go dtí gur ceapadh í mar Chomhalta den Tionól Reachtach (CTR) agus atoghadh i sa bhliain 2014.[3] Le linn a tréimhse sa chomhairle, shuigh sí ar na coistí um Beartas Straitéiseach & Acmhainní agus Pleanáil Baile chomh maith leis an Historic Centenaries Working Group.
Mhol sí an rún ab é an toradh a bhí air ná gurbh í Béal Feirste an chéad Chomhairle le Pá Maireachtála i dTuaisceart Éireann - ag íoc pá cothrom leis na fostaithe go léir - ag teorann úsáid na gConraithe Nialais - le bealaí fiúntacha chun dul i ngleic le bochtaineacht agus gur fiú an obair an luach saothair. D'éirigh léi freisin bearta a thabhairt isteach chun dul i ngleic ar mhéadú ar chreiciasachtú go lá pá. Chuidigh Claire freisin le polasaithe soláthair Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste a athrú chun ligean do chuideachtaí atá ag gabháil d'imghabháil cánach a eisiamh - ag cinntiú go bhfuil déileáil níos cothroime ann don sparán poiblí agus do ghnólachtaí beaga áitiúla. Chuir Hanna tús le Díospóireachtí Atráthais an Tionóil ar rátaí gnólachtaí beaga, chuir sí moltaí cuimsitheacha isteach chun beogacht agus fiontraíocht a chur ar ais chuig na sráideanna siopadóireachta áitiúla. Chomh maith le bheith i gceannas ar fheachtais rathúla chun Oifig Phoist Bhóthar Lios na gCearrbhach a athbhunú sa bhliain 2013, bainistíocht tráchta níos fearr i bhFionnachadh sa bhliain 2014 agus ar shaincheisteanna éagsúla cosúil le saoráidí athchúrsála agus iompar inbhuanaithe a fheabhsú.. Fuair sí comhaontú uile-pháirtí chun Saoirse Bhéal Feirste a bhronnadh ar an bhfile Michael Longley. Chuir sí tús le feachtas chun an droichead nua an Ghlasbhealaigh a ainmniú i ndiaidh an drámadóra agus cheardchumannaí Sam Thompson.[4] Sa Tionól, bhí sí ag freastal ar an gCoiste Forbartha Réigiúnaí, ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí agus ar an gCoiste Comhshaoil. Bhunaigh sí agus s'fhreastal sí mar chathaoirleacht ar Ghrúpaí Uile-Pháirtí an Tionóil ar Fhorbairt Idirnáisiúnta agus ar na hEalaíona. Fóram abhcóideachta do na hEalaíona, a chuireann dath, poist agus spásanna atá roinnte go hiomlán ar fáil.[5]
Bhí Hanna ina urraitheoir ar rún mhí na Samhna 2015 a fuair an chéad thromlach sa Tionól do Phósadh Comhionann Sibhialta le cosaint iomlán d'eaglaisí. Chuidigh Hanna leis an rún a thabhairt chun an Tionóil ag leagan amach moltaí costáilte, ciallmhara chun tacaíocht fhiúntach a sholáthar do chostais chúram leanaí do theaghlaigh atá ag obair - ag cuidiú le mná agus scileanna a choinneáil san ionad oibre.
Ba í Hanna an chéad bhall den PSDLO chun imní a chur in iúl faoi chinneadh an PSDLO comhairleoirí an Iúir vóta a chaitheamh chun páirc imeartha a ainmniú i ndiaidh Réamonn Mhic Raois, stailceoir ocrais an IRA.[6]
Le linn na tréimhse céanna, bhí Hanna ina cathaoirleach ar an East Belfast Policing and Community Safety Partnership. Ionsaíodh a teach le linn na n-agóidí brataí.[7]
I mí Feabhra 2019, d'éirigh Hannah as ceangal aoireachta an PSDLO tar éis don pháirtí comhaontú toghcháin a bhunú le Fianna Fáil. Ag an am céanna scoir sí mar urlabhraí an Bhreatimeachta, ach roghnaigh sí fanacht leis an bpáirtí.[8] Ag Olltoghchán 2019 tháinig sí chun bheith ina Teachta Parlaiminte (TP) do Dheisceart Bhéal Feirste, ag glacadh suíochán ón sealbhóir Emma Little-Pengelly ón DUP .
Tagairtí
- Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}. "".
- "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-10-21. Dáta rochtana: 2019-12-14.
- Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}. "". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 October 2015.
- Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}. "".
- Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}. "".
- Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}. "". M.newsletter.co.uk.
- Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}. "".
- "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-03-10. Dáta rochtana: 2019-12-14.