Clódóireacht
Is éard atá i gceist le clódóireacht ná teicníochtaí chun íomhá (le focail, léaráidí is/nó íomhá theibí le dathanna éagsúla inti) a leagan ar bhun éigin i sraith cóipeanna comhionanna. De ghnáth, is páipéar an bun agus is dúch an t-ábhar daite. Is iad na príomhtheicníochtaí ná rilíf (litirphreas is fleisceagrafaíocht), plánagrafaíocht (liotagrafaíocht), agus inghearradh nó intaglio (greanphriontáil, greanadóireacht, turbhior, meisitint, eitseáil). Is é litirphreas an fhoirm is seanda, agus cuid mhaith de stair na clódóireachta, is í stair an litirphreasa í. Braitheann an teicníocht seo ar chló is bloic inaistrithe adhmaid agus brú sa phreas chun an dúch a aistriú go sásúil ón gcló don pháipéar. Is dócha gur thosaigh an chlódóireacht sa tSín sa 6ú céad, chun téacsleabhair i gcomhair scrúduithe is téacsanna Búdacha a chur ar fáil. Bhí nuachtáin sa tSín timpeall 860 AD. Is iad na leabhair clóbhuailte is seanda an Vajracchedikā Prajñāpāramitā Sūtra (Sútra Diamantach, 868) a rinne Wang Jie, agus 120 imleabhar de chlasaicí Confúicis (932-953). Saothraíodh plátaí miotalacha san 11ú céad, agus cló inghluaiste miotalach timpeall 1050. Is dócha gur fhoghlaim an Eoraip mar gheall ar chlódóireacht ó na hArabaigh, nó b'fhéidir ó bhloc-chlódóireacht na hÉigipte a bhí ar siúl faoi 1300. Tá samplaí de bhloc-chlódóireacht Eorpach ó 1375 ar fáil fós. Thosaigh Gutenberg ag clódóireacht i 1436, agus Caxton i 1475. Feabhsaíodh an preas adhmaid leis an bpreas Ollannach a tugadh isteach i Meiriceá i 1639. Tháinig an chéad phreas iomlán miotalach, an Stanhope, in ionad an phreasa Ollannaigh i 1795. Rinneadh feabhsuithe forchéimnitheacha ar an bpreas sa 19ú-20ú céad, chun priontáil ar dhá thaobh an pháipéir, le dhá dhath, ar luas níos mó (i meaisíní le pláta cuartha), agus eile. Ag tús an 20ú céad tháinig seachliteagreafaíocht ar an bhfód, ag éirí an-choitianta. Géaraíodh na modhanna clóchuradóireachta: saothraíodh modhanna a bhí bunaithe ar scannáin, agus ansin ar ríomhairí, ionas go bhfuil ceird na clóchuradóireachta imithe i léig ach ar éigin. Déantar an páipéar a láimhseáil ar bhealaí éagsúla freisin, ina leathanaigh nó ó rollaí leanúnacha, agus is féidir an ceangal is an bearradh a dhéanamh go huathoibríoch faoi rialú ríomhaire den chuid is mó.[1]
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Clódóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 145.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |