Clár Copernicus

Seirbhís de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an clár Copernicus, a bhíonn ag plé le hathrú aeráide.[1][2] Is é an Coimisiún Eorpach a bhainistíonn Copernicus, i gcomhar le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa.

Bosca Sonraí EagraíochtaClár Copernicus
(en) Copernicus Programme Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósNioclás Copairnic Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálgovernment program (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibreEarth observation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuspóir an tionscadail nó gníomhaíochtmonitoring (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1998
Rialachas corparáideach
Cuid deGlobal Earth Observation System of Systems (en) Aistrigh
European Union Space Programme (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinec.europa.eu… Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: CopernicusEU Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Seirbhís Mhuirí Copernicus a sholáthraíonn an treocht réigiúnach i meánleibhéal domhanda na mara.[3] Seirbhís faireacháin ar an atmaisféar is ea Copernicus chomh maith.[4]

Fairsingiú fásaigh agus an Crios Mór Glas san Afraicː Copernicus Sentinel-2; taighde de chuid Copernicus[5]

Taighde

  • Léiríonn tuarascáil de chuid Copernicus sa bhliain 2024 gur ag tráthanna áirithe i rith 2023, go raibh an teocht dhá chéim Celsius ní ba theo ná mar a bhí sí le linn na ré réamhthionsclaíche.[1][6]
  • Forbraíonn uisce nuair a dhéantar é a théamh agus, de réir Copernicus, is féidir thart ar 30% den ardú ar mheánleibhéal domhanda na mara inniu a chur i leith na forbartha teirmí sin amháin.
  • Tá sonraí leibhéal na farraige ó íomhánna satailíte ar fáil ó Copernicus i bhfoirm sonraí greille laethúla ar leibhéal na farraige. Soláthraítear leis na sonraí sin, lena gclúdaítear an tréimhse ó 1993 go dtí an lá atá inniu ann, meastacháin dhomhanda ghreille laethúla ar aimhrialtacht leibhéal na farraige bunaithe ar thomhais airdemhéadrachta satailíte, agus aimhrialtacht leibhéal na farraige á shainmhíniú mar airde an uisce thar mheán-dhromchla na farraige in am agus réigiún ar leith.[7]

Féach freisin

Tagairtí

  1. Nuacht RTÉ (2024-01-09). "2023 ar an mbliain ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid" (as ga-IE).
  2. "'Clár Copernicus: an tseirbhís um an athrú aeráide' — Téarmaíocht / Téarmaíocht IATE". Grúpa taighde Gaois. Dáta rochtana: 2024-01-09.
  3. "Sea level | Copernicus" (en). climate.copernicus.eu. Dáta rochtana: 2023-09-28.
  4. "'seirbhís Copernicus um fhaireachán ar an atmaisféar' — Téarmaíocht / Téarmaíocht IATE". Grúpa taighde Gaois. Dáta rochtana: 2024-01-09.
  5. "Sentinel-2 - Missions - Sentinel Online" (en-US). Sentinel Online. Dáta rochtana: 2024-01-09.
  6. "Summer 2023: the hottest on record | Copernicus". climate.copernicus.eu. Dáta rochtana: 2023-09-06.
  7. Oifig na nOibreacha Poiblí. "Tuairisc an Ghrúpa Idir-Rannach ar Straitéis Náisiúnta um Bainistíocht Athraithe Cósta". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-08-12. Dáta rochtana: 2024.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.