Cinedhíothú
Is é is brí le Cinedhíothú ná iarracht grúpa mór daoine a mharú. Tá an grúpa seo dírithe, de bharr a gcuid difríochtaí, idirchultúrtha nó idirchreidmheacha de ghnáth (cine, náisiúntacht, reiligiún, srl). Tá na daoine seo neamhchiontach agus gan cosaint.[1]
![](../I/GenocideIntlDay_SpecialEmblem_En.png.webp)
![](../I/Skulls_of_Genocide_Victims_-_Genocide_Memorial_Center_-_Kigali_-_Rwanda_-_01.jpg.webp)
Ar an 9 Nollaig gach bliain, ceiliúrtar an Lá Idirnáisiúnta Cuimhneacháin agus Dínite d’Íospartaigh Choir an Chinedhíothaithe agus um Chosc na Coire sin.[2]
Sainmhíniú
Tá sainmhíniú úsáideach ar chinedhíothú sa Choinbhinsiún ar Chinedhíothú, ar ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe leis i 1948 agus atá sínithe ag 152 rialtas go dtí 2023.[3]
De réir an Choinbhinsiúin; bíonn cinedhíothú i gceist:
- nuair a mharaítear daoine ó ghrúpa áirithe
- nuair a dhéantar dochar corpartha nó intinne don ghrúpa
- nuair a bhrúitear cúinsí beatha d’aon ghnó ar ghrúpa chun iad go léir, nó cuid acu, a scrios
- nuair a chuirtear beartais i bhfeidhm a chuireann bac ar shaolú páistí
- nuair a aistrítear le lámh láidir páistí ón ngrúpa go dtí grúpa eile.[3]
Cinedhíothú sa stair
- Cinedhíothú na nAirméanach: an ródach a rinneadh ar phobal Airméanach na Tuirce sna blianta 1915-17, nuair a bhí páirtí na dTurcach Óg i gceannas ar Impireacht Otamánach[4]..
- An t-Uileloscadh: an t-ollscriosadh a rinne na Naitsithe ar na Giúdaigh, na Romaigh agus grúpaí eile, le linn an Dara Cogadh Domhanda.
- Ar an 26 Márta 1971, thosaigh an oibríocht mhíleata "solas cuardaigh". D'ionsaigh an Phacastáin Thiar na náisiúnaí sa Bhanglaidéis. Tharla cinedhíothú ina dhiaidh sin. Dúnmharaíodh go barbartha 300-500,000 (3 milliún a deir an rialtas inniu).
- Ar an 6 Aibreán 1994, maraíodh Uachtarán Ruanda, Juvénal Habyariman. Thosaigh cinedhíothú go gairid ina dhiaidh sin.
- 11 Iúil 1995: thosaigh sléacht ar phobal Srebrenica, Mhoslamaigh in oirthear Bhosnia.
- Bhí cinedhíothú i nDarfur sa Súdáin sa bhliain 2007, dár le rialtais Stáit Aontaithe Mheiriceá agus cumainn charthanachta ar nós Músaem na h-Uileloscadh.
- Ionradh na Rúise ar an Úcráinː is féidir a rá go raibh cinedhíothú ar bun ag fórsaí na Rúise.[3]
Beartanna
Sa bhliain 2014, chuir an tAontas Eorpach a thiomantas in iúl maidir le comhsheasmhacht agus comhleanúnachas a mbeartas seachtrach agus inmheánach a áirithiú agus é ag cur i gcoinne daoine bheith ag dul saor ó phionós i gcoir an chinedhíothaithe, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh ('bunchoireanna idirnáisiúnta').[5]
![](../I/page1-220px-International_Criminal_Court_Act_2001_(UKPGA_2001-17_qp).pdf.jpg.webp)
Féach freisin
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- Ciarán Mac Aonghusa. "Dul Chun Cinn an Chine Dhaonna" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-07-11.
- "International Day of Commemoration and Dignity of the Victims of the Crime of Genocide and of the Prevention of this Crime". www.un.org. Dáta rochtana: 2021-12-09.
- Cathal Mac Coille (18 Feabhra 2023). "Bliain de bhréaga, den chinedhíothú agus de mhórbhagairt na Rúise" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-18.
- Alex Hijmans, tuairisc.ie, 24 Aibreán 2015
- An tAontas Eorpach (2014). "Straitéis Líonra AE um Chinedhíothú". Dáta rochtana: 2021.