Cill Mhic Réanáin
Is sráidbhaile í Cill Mhic Réanáin[1] (Béarla: Kilmacrenan) atá suite i gContae Dhún na nGall, Poblacht na hÉireann. Tá sí suite ar bhóthar N56, an príomhbhealach idir Iarthuaisceart Dhún na nGall agus Leitir Ceanainn, baile is mó an chontae. Tá barúntacht Chill Mhic Réanáin ainmnithe ar a son. Tá Cill Mhic Réanáin i ngar le Carraig Dhún, carraig ar choróntaí ríoga Thír Chonaill uirthi idir na blianta 1200 agus 1603. Ritheann Abhainn na Leannaine trí thaobh theas an bhaile, agus Abhainn an Lorgaigh trína thaobh thuaidh.
Cill Mhic Réanáin | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Uladh | |||
Contae in Éirinn | Contae Dhún na nGall | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1416616 |
Tagairtí
- “Cill Mhic Réanáin/Kilmacrenan | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.