Cill Chainnigh

Is í Cill Chainnigh[1] an chathair intíre is mó in Éirinn. Tá sí suite i gContae Chill Chainnigh ar bhruach Abhainn na Feoire. 25,000 duine ina gcónaí i gCill Chainnigh.

Caisleán Chill Chainnigh
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCill Chainnigh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52.6477°N 7.2561°W / 52.6477; -7.2561
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Chill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán22,179 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
 Dlús828.81 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla26.76 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde60 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistR95 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód56 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie1399926
Suíomh gréasáinkilkenny.ie Cuir in eagar ar Wikidata

B'ardchathair í sna meánaoiseanna (1293-1408) agus arís le linn na Cónaidhme sna blianta 1642-1648. Rinneadh stádas Chill Chainnigh mar chathair a cheiliúradh sa bhliain 2009, 400 bliain ó bronnadh an stádas sa bhliain 1609. Bhronn Séamas I Shasana (agus VI Alban) cairt chathrach ar Chill Chainnigh sa bhliain 1609.

Tá an-tóir ag turasóirí ar an gcathair agus an-suim acu i gCaisleán Chill Chainnigh. Níl an chathair seo ach 45km ó Chathair Phort Láirge agus tá tú in ann traein a thógáil go dtí an áit sin go díreach, 93km ó Chathair Luimnigh agus 101km ó Bhaile Átha Cliath agus tá traein le fáil go dtí an áit sin chomh maith.

Spórt

'Na Cait' a thugtar ar fhoireann iománaíochta an chontae agus bíonn rath orthu. Leagtar an-bhéim ar an iomáint sa chontae. Iadsan a bhuaigh ar Phort Láirge i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann sa bhliain 2008 agus rug siad an chraobh leo uair is tríocha.

Chomh maith leis sin bíonn lúthchleasaíocht leis an “Kilkenny City Harriers”, peil ghaeleach agus sacair á imirt sa chathair.

Foirgnimh Cháiliúla

Caisleáin Chill Chainnigh

Cathair mheánaoiseach í Cill Chainnigh agus mar sin is iomaí foirgneamh álainn atá le feiceáil inti. Cuirim i gcás a caisleán atá i lár na cathrach. Ceann de na caisleáin is fearr in Éirinn é sin agus bíonn an-tóir ag turasóirí air. Tá gairdín den chéad scoth timpeall an chaisleáin chomh maith.

Ard-Eaglais Mhuire

Séipéil

Tá Ardeaglaisí iontacha i gCill Chainnigh. Ard-Eaglais Mhuire agus Ard-Eaglais Naomh Cainneach (Saint Canice's Cathedral is ainm dóibh agus tá siad le feiceáil i ngach áit sa chathair). Maidir le hArd-Eaglais Naomh Cainneach, téann sé ar ais go dtí an naoú haois agus is é ceann de na hardeaglaisí is fearr in Éirinn. Tá cloigtheach in aice leis chomh maith. Is féidir na dréimirí a dreapadh chuig an mbarr, áit a bhfuil radharc iontach thar an gcathair.

Ardeaglais Naomh Cainneach

Cultúr

Is ceannphointe móréilimh í Cill Chainnigh in Éirinn. Is iad na dánlanna ealaíne, foirgnimh stairiúla, amharclanna, greann agus gairdíní poiblí na rudaí a tharraingíonn an pobal. Tá cáil ar Chill Chainnigh mar chathair mheánaoiseach agus is iomaí féile a bhíonn ar siúl ann chuile bhliain. Cuirim i gcás an "Rhythm and Roots" agus "Hot Air Baloon Festival", ach go háirithe an "Arts Festival", "Cat Laughs" féile ghrinn, agus mórán eile nach iad. Bíonn a lán turasóirí sa chathair ag freastal ar na féilte seo, nó ag spaisteoireacht timpeall na cathrach.

Siopadóireacht

Is áit le haghaidh siopadóireachta í Cill Chainigh chomh maith. Tá meascán siopaí ar fáil sa chathair, ar nós Monsoon, Jack Jones, TK Max, River Island, Next agus mórán eile nach iad. Tá dhá phríomhionad-siopadóreachta sa chathair; Market Cross (i lár na cathrach) agus Macdonagh Junction in aice le Stáisiún na Traenach.

Bonneagar

Iarnród

D’oscail stáisiún traenach Chill Chainnigh ar an 12 Bealtaine, 1848. Ba lárionad iarnród mór é, bhí ceangail aige le Baile Átha Cliath (Trí Cheatharlach), Port Láirge, agus sa bhliain 1876, Port Laoise. Bhí sé seo mar thús tionscadal mór, an “Central Ireland Railway”. Bhí pleananna bhun líne iarnród rith ó bPort Láirge chuig an Muileann gCearr trí Chill Chainnigh agus Portlaoise. Níor shroich an líne ach chomh fada le Móinteach Mílic, le brainse chuig Caisleán an Chómair (a usáideadh i gcomhair guail). Dúnadh an líne sa bhliain 1962 áfach agus anois, tá ar an traein teacht amach an tslí a tháinig sé isteach. Tá anois 8 seirbhís chuig agus ó Heuston Station gach lá.

Bóithre

Tá nasc bóthair chuig Darú (Contae Laoise) ar an N77, agus chuig Cluain Meala agus Callain ar an N76. Bhíodh nasc ag an N10 chuig Port Láirge agus Baile Átha Cliath ach sa bhliain 2010 osclaíodh Mótarbhealach M9 ina ionad. Anois tá an N10 mar nasc chuig an mótarbhealach, thart ar 5km amach ón gcuarbhóthar.

Ospidéil

Is ann atá Ospidéal Ginearálta Naomh Lúcás, Cill Chainnigh agus Aut Even lonnaithe.

Naisc sheachtracha


Tagairtí

This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.