Cichol Gricenchos
I Miotaseolaíocht na nGael, ba é Cichol ceannaire is luaithe na bhFomhórach. Is doiléir é a bhua-ainm Gricenchos nó Grigenchosach. D'aistrigh Macalister é le “clapperleg”;[1] agus de réir Comyn “cosa seargtha”.[2] D'fhág Seán Ó Donnabháin gan aistriú é.[3]
Cineál | dia carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, tháinig sé go hÉirinn i dteannta le 200 fear agus 600 bean, agus mhair siad ar éisc agus ar éineoil ar feadh 200 bliain go dtí gur tháinig muintir Pharthaláin, 311 bliain tar éis na Díleann. Deich mbliana tar éis sin, chloígh Parthalán Cichol agus na Fomhóraigh i gCath Maighe Iotha.[1]
Tagairtí
- R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part III, Irish Texts Society, Iml. 39, 1940, ll. 2-15, 72-75, 85
- Daithí Ó Coimín (eag. & aistr.), The History of Ireland by Seathrún Céitinn, D. D. Iml. 1, Irish Texts Society Iml. 4, 1902, lch. 163
- Seán Ó Donnabháin (eag. & aistr.), Annála na gCeithre Máistrí iml. 1, Hodges, Smith & Co, 1856, lch. 5
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.