Chelsea Clinton
Pearsa polaitíochta sna Stáit Aontaithe is ea Chelsea Victoria Clinton agus a rugadh ar 27 Feabhra 1980 in Little Rock, Arkansas. Is iad Bill Clinton, iaruachtarán na Stát Aontaithe, agus Hillary Clinton, ainmní an Pháirtí Dhaonlathaigh don uachtaránacht i dtoghchán na bliana 2016, a thuismitheoirí.
Sna blianta 2011–2014 bhí sí ina comhfhreagraí ar son NBC News. Oibríonn sí anois don Fhondúireacht Clinton agus don Clinton Global Initiative, a bhfuil sí ina suí ar an mbord.
Tá B.A. ag Chelsea ó Ollscoil Stanford, M.P.H. ó Ollscoil Columbia, agus M.Phil. is D.Phil. ó Ollscoil Oxford. Tá sí pósta ar Marc Mezvinsky, agus tá beirt pháiste acu, iníon agus mac. Tá Chelsea í féin ina haonpháiste.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.