Ceolfhoireann
Is ensemble ionstraimeach í ceolfhoireann, is é sin bailiúchán mór d'uirlisí cheoil agus ceoltóirí. Tugtar ceolfhoireann shiansach nó ceolfhoireann fhiolarmónach ar lán-cheolfhoireann, ina bhfuil suas go dtí céad ceoltóir. Braitheann méid agus baill na ceolfhoirne ar an bpíosa ceoil atá a sheinm aici.
De ghnáth, roinntear na huirlisí i gceithre ghrúpa:
- gaothuirlisí adhmaid: fliúit, piccolo, óbó, corn Sasanach, clairnéid, dordchlairinéid, basún agus ollbhasún. Cuirtear sacsafón leis an ngrúpa seo uaireanta chomh maith.
- práis: trumpa, coirn, trombón, dordthrombón, tiúba
- cnaguirlisí: tiompán
- téaduirlisí: céadveidhlín, dara veidhlín, vióla, dordveidhil, olldord
Tugtar stiúrthóir ar an duine a dhíríonn na ceoltóirí.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.