Ceit Fhoirbeis
Is polaiteoir Albanach í Ceit Fhoirbeis nó :Kate Forbes; a rugadh ar 6 Aibreán 1990) atá ina ball de Pháirtí Náisiúnta na hAlban (SNP) agus atá ina ball Pharlaimint na hAlban do thoghcheantar An Oileán Sgitheanach, Loch Abar agus Bàideanach ó 2016.[1] Ar an 17 Feabhra 2020, ceapadh Forbes mar Rúnaí Comh-Aireachta Airgeadais i Rialtas na hAlban.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Aibreán 1990 33 bliana d'aois Inbhir Pheofharain, Scotland |
Rúnaí Comh-Aireachta um Airgeadas agus an Geilleagar | |
18 Bealtaine 2021 – Ball de chomh-aireacht: Government of the 6th Scottish Parliament (en) | |
Ball de 6ú Parlaimint na hAlban | |
6 Bealtaine 2021 – Toghcheantar: An t-Eilean Sgitheanach, Loch Abar agus Bàideanach Toghadh i: 2021 Scottish Parliament general election (en) | |
Ball de 5ú Parlaimint na hAlban | |
5 Bealtaine 2016 – 5 Bealtaine 2021 (díscaoileadh na parlaiminte) ← Dave Thompson Téarma parlaiminte: 5ú Parlaimint na hAlban Toghcheantar: An t-Eilean Sgitheanach, Loch Abar agus Bàideanach Toghadh i: 2016 Scottish Parliament general election (en) | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Acadamaidh Inbhir Pheofharain Coláiste Selwyn |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba |
Teangacha | Béarla agus Gaeilge na hAlban |
Óige agus oideachas
Rugadh Ceit i Inbhir Pheofharain i Ros agus Cromba i dtuaisceart na hAlban.[2] Chaith sí trí bliana san India agus í ina páiste, ansin múineadh i nGaelscoil Albanach í.[3] D’fhill sí ar an India lena teaghlach agus í 10 mbliana d'aois agus bhí cónaí uirthi ansin go dtí go raibh sí 15. Agus iad ansin bhí a hathair bainteach le cúram sláinte a sholáthar do dhaoine nach raibh sé ar acmhainn acu díol as.[2] Nuair a d’fhill sí ar Albain chríochnaigh sí a cuid scolaíochta in Acadamaidh Inbhir Pheofharain .
Rinne sí staidéar ar an stair i gColáiste Selwyn, Cambridge i Sasana agus bhain sí BA amach i 2011.
D'oibrigh sí mar chuntasóir ar feadh tamaill.[2][4] Ina dhiaidh sin, rinne sí staidéar in Ollscoil Dhún Éideann, agus bhain sí ceim MSc amach i 2013, i Stair Diaspóra agus Imirce.[2]
Gairm pholaitiúil
I Lúnasa 2015, roghnaigh baill áitiúla den SNP Ceit ó ghearrliosta gan ach mná amháin air mar a n-iarrthóir do thoghcheantar An Oileán Sgitheanach, Loch Abar agus Bàideanach [4] Bhí sí mar chuid d’fheachtas an SNP chun aghaidh a thabhairt ar an bhearna pá inscne i bhfostaíocht i nGaeltacht na hAlban.[5] Toghadh i dtoghchán Pharlaimint na hAlban 2016 í.[6]
Go dtí gur tugadh ardú céime chuig Rialtas na hAlban dí, bhí sí ina cathaoirleach ar Ghrúpa Traspháirtí Pharlaimint na hAlban ar Ghaeilge na hAlban agus labhair sí i bhfabhar stádas Oidhreachta Cultúrtha doláimhsithe UNESCO mar bhealach indéanta leis an teanga a chosaint.[7],[8]
I mí an Mhárta 2018, thug sí óráid iomlán don Pharlaimint i nGaeilge na hAlban le linn díospóireacht ar an teanga.[9][10]
An 27 Meitheamh 2018, ceapadh í go Rialtas na hAlban mar Aire um Airgeadais Phoiblí agus an Gheilleagar Digiteach, mar chuid d’athchóiriú níos leithne a d’fhógair an Chéad-Aire, Nicola Sturgeon.[11]
Ar an 6 Feabhra 2020, ba í an chéad bhean a thug Buiséad na hAlban nuair a d'éirí Derek Mackay as mar Rúnaí Comh-Aireachta um Airgeadas, Geilleagar agus Obair Chóir. Roimhe seo, níor thug aon bhean Buiséad i bParlaimint na hAlban ná i Westminster, cé go ndearna siad i dTionóil na Breataine Bige agus i dTionól na Sé Chontae.[12]
Ar an 17 Feabhra 2020, ceapadh mar Rúnaí Comh-Aireachta Airgeadais í. Is í an chéad bhean sa phost.[13]
Maistíneacht
Mar bhall de Eaglais Shaor na hAlban[14], d'iarr Forbes ar an Rialtas ligeann do pháistí a gcreideamh a chleachtadh ar scoil 'gan magadh'. I mí na Bealtaine 2018, dúirt sí go raibh sí "ag iarraidh a thabhairt faoi deara gur chóir go mbeadh cead ag daltaí an éagsúlacht chreidimh in Albain a phléigh, a fhorbairt agus a thuigbhéail"[15]
Saol pearsanta
Phós Forbes Ali MacLennan (a rugadh in 1980) sa bhliain 2021. Rugadh iníon dóibh an bhliain dár gcionn. Bhí MacLennan pósta cheanna. Fuair a bhean, Priya, bás tobann in 2014, agus triúr iníonacha acu. Is leasmháthair í anois Forbes.[16]
D'fhoghlaim Forbes Gàidhlig nuair a bhí sí ag freastal ar an mbunscoil.
Féach freisin
Naisc sheachtracha
- Agallamh ar STV, 21 Feabhra 2023
- Kate Forbes - làrach-lìn oifigeil Curtha i gcartlann 2020-08-07 ar an Wayback Machine (Beurla)
- Pàrlamaid na h-Alba: Kate Forbes - MSPs (Beurla)
- They Work for You: Kate Forbes (Beurla)
- BBC Naidheachdan 2016-06-27: “Call £100m ri linn Brexit” - beachd aig Ceit Fhoirbeis
- BBC Naidheachdan 2016-08-09: Dìon air a' Ghàidhlig ann an reachdas - beachd aig Ceit Fhoirbeis
- BBC Naidheachdan 2018-06-27: Àrdachadh dreuchd dha Ceit Fhoirbheis
- BBC Naidheachdan 2020-02-17: Ceit Fhoirbeis na Rùnaire Iomhais
- próifíl ar shuíomh Gréasáin Pharlaimint na hAlban
- próifíl ar shuíomh Gréasáin SNP
- suíomh Gréasáin pearsanta Curtha i gcartlann 2020-08-07 ar an Wayback Machine
Tagairtí
- ""Current MSPs: Kate Forbes: Personal Information"".
- Edit Magazine (27 Metheamh 2017). ""Political class"". Edit magazine.
- "getting know you Kate Forbes". Holyrood. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 Iúil 2018.
- "Katie Forbes gets SNP-nod-in-bid- to succeed Dave Thompson as MSP". The Inverness Courier. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 Lúnasa 2016.
- "SNP launches campaign to plug pay gap in rural areas". The National.
- "Skye, Lochaber and Badenoch Scottish Parliament constituency Region - Highlands and Island". BBC News.
- "SCOTTISH PARLIAMENT – CROSS PARTY GROUP ON GAELIC". The Scottish Parliament. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 12 Márta 2021.
- Maitiú Ó Coimín. "Tacaíocht pharlaiminte faighte do stádas UNESCO don Ghàidhlig" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-08-18.
- Alamy Limited. "The Scottish National Party's (SNP) Kate Forbes delivers an entire Holyrood speech in Gaelic, making her the second female MSP, and the first in the current Scottish Parliament chamber, to deliver a whole contribution in the language during a plenary debate, as she calls for it to be given Unesco status Stock Photo - Alamy" (en). www.alamy.com. Dáta rochtana: 2023-03-06.
- "SNP MSP delivers entire Holyrood speech in Gaelic". The Scotsman.
- "Rising star of Scottish politics to take centre stage on budget day but who is Dingwall based MSP Kate Forbes".
- "KATE FORBES BECOMES FIRST WOMAN TO DELIVER SCOTTISH BUDGET AT 29 YEARS OLD" (en).
- "Kate Forbes appointed Scotland's first female finance secretary". The Guardian.
- "Kate Forbes named Scottish Finance secretary after strong budget performance".
- "Christian Scottish politician says constituents are telling her stories of religious bullying".
- "PressReader.com - Digital Newspaper & Magazine Subscriptions". www.pressreader.com. Dáta rochtana: 2023-03-06.
- Maitiú Ó Coimín. "Amhras caite ag MP an oileáin dáiríre é oileán aitheanta Gaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-08-18.