Ceirt (ogham)
Is í an deichiú litir den aibítir oghaim an Cheirt[1]. Is í an cúigiú litir den Aicme Uatha. Trascríofa le Q, seasann sí d'fhóinéim liopachoguasach na Gaeilge Cianaí; is é [kʷ] a luach foghraíochta.
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
![]() ![]() | ||||
Cineál | litir oghaim ![]() | |||
Ball de | ogham ![]() | |||
|
Sanasaíocht
Cuireann McManus (1991:37) ainm na litreach i gcomórtas le perth na Breatnaise ‘sceach’, agus quercus na Laidine ‘dair’. Athchruthaíodh an focal as Gaeilge Chianach mar *kʷer[x]tā. Fréamhaithe is ea é ón bPróit-Ind-Eorpais *perkwos. In Auraicept na n-Éces den 14ú haois, tugtar di an ghluais aball, abhaill. Meascadh an t-ainm leis an bhfocal ceirt,[2] .i. ‘giobal’, mar a fheictear sna briatharoghaim (féach thíos).
Briatharogham
Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) d'ainm na litreach sna Briatharoghaim:
Foinsí
- Damian McManus, A Guide to Ogam, Maynooth 1991.
Tagairtí
- 1 ceirt ar eDIL, abhaill
- 2 ceirt, ceirt, giobal, ar eDIL
- clithar ar eDIL
- baiscell ar eDIL
- an duine (a) ar eDIL
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.