Ceallach mac Raghallaigh
Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin, Síol Cheallaigh, ba ea Ceallach mac Raghallaigh (Sean-Ghaeilge Cellach mac Rogallaig, nó Cellach Locha Cime (Áth Cinn)) (bás 705). He was the son of Rogallach mac Uatach (bás 649), iar-rí, ba ea a athair.[1][2] Tháinig sé i gcoróin i gcomharbacht ar a nia, Muireadhach Muilleathan mac Fearghasa (na 702). Bhí sé i réim ón mbliain 702 go dtí 705.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 705 (Féilire Ghréagóra) |
Teaghlach | |
Páiste | Fearghas mac Ceallaigh, Domhnall mac Ceallaigh |
Athair | Rogallach mac Uatach |
Tá oird éagsúla le feiceáil i ríliostaí na tréimhse seo. Feictear é sna ríliostaí idir Dúnchadh Mhuirisce mac Tiobraide (bás 683) agus Feargal Aidhne mac Ardaile (bás 696).[3] Sa mhullach air sin, feictear é ina rí Chonnacht mar ráthóir Cháin Adhamhnáin ag Sionad Bhiorra sa bhliain 697.[4] Tugtar an teideal rí Chonnacht dó ina thásc sa bhliain 705 i nAnnála Tiarnaigh agus Annála Uladh.
I mí Iúil 703, tháinig an tArdrí, Loingseach mac Aonghasa of the Cineál Chonaill i gceannas slua mór sa Chonnachta isteach chun cáin a éileamh, ach cloíodh agus maraíodh eisean agus roinnt dá mhic agus ríthe eile Uí Néill an Tuaiscirt i gCath Corann (Sligeach).[5][6] Caomhnaítear scéal an chatha i nAnnála Easpacha na hÉireann. Deirtear ann go ndearna baird an Ardrí aoradh faoi Cheallach agus é sean creathach. However Cellach:[7]
“ |
Ra ling fén, .i. Ceallach, asa charbad amach go tric & go fada ón charpad, & ad-cúaladh brisgleach chnámha an t-seanorach og léim as an charbad. Agus ro ráidh íar sin o ghuth mór, og leim dochum an chatha comhaithigh: ‘A Chonnachta’, ar se,‘ didnidh[8] & coimhedoigh fein bur sáoire, úair ní sáire & ní beodha an cineadh fail in bur n-aighidh iondáthísi, & ni mó do rónsad[9] do mhaith gusaniu’. Agus amlaidh ra bhaoí 'ga rádh sin, & a ghuth for crioth & a shuile for lasadh. |
” |
Ghlac fir na gConnacht an dúshlán agus bhuaigh an cath.
B'fhéidir é gurbh í an chúis le hionsaí Loingsigh ná go raibh Cineál Eoghain tagtha aniar aduaidh ar Chineál Chonaill sa tuaisceart, agus dá bharr ní raibh aon dul as acu ach dul ó dheas sa Chonnachta isteach ag lorg concais nua. D'fhéadfadh é fosta a bheith de bharr brú Uí Bhriúin ar Chineál Chairbre i dtreo Bhréifne, rud a gcuirfeadh cosc ar Chineál Chonaill ar a slí go lár na tíre.[10] I dteannta sin, bhí fonn ar Loingsech a údarás mar ardrí a dhearbhú.[11]
Tuairiscítear ina thásc sa bhliain 705 gur éirigh sé ina chléir (post clericatum).[12][13] . Tugadh an t-ainm Síol Cheallaigh (Síl Cellaig) ar a mhuintir. Bhídís in iomaíocht le Síol Muireadhaigh agus Síol Chathail le haghaidh ríogacht na gConnacht le linn na 8ú haoise. Ruaigeadh iad as a cheantar dúchais níos deireanaí ag Uí Bhriúin Seola.[14]
I measc a chlainne, bhí children Domhnall (bás 728) agus Forggus (bás 756), Ríthe Chonnacht beirt.
Foinsí
- Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Gearóid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- Byrne, Tábla 20
- Mac Niocaill, lch. 157
- Tugtar réimeas ceithre bliana dó i Sioncronachtaí Laud agus 7 mbliana sa Leabhar Laighneach
- Charles-Edwards, lch. 584
- Annála Uladh, AU 703.2
- Annála Tiarnaigh, AT 703.2
- Annála Easpacha na hÉireann, AE 158
- 2 dítnid, cf. dídean srl., ar eDIL
- rónsad, rinneadar, Historical Irish Corpus, ARÉ
- Mac Niocaill, lch. 118
- Byrne, lch. 247
- AU 705.3
- AT 705.7
- Byrne, lch. 248