Ceallach mac Dúnchadha

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge as Cnoc Liamhna ba ea Ceallach mac Dunchadha (Sean-Ghaeilge Cellach mac Dúnchada) (bás 776). He was the son of Dúnchad mac Murchado (bás 728) ba ea a athair, agus Taileflaith a mháthair.[1] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 760 go dtí 776.

Infotaula de personaCeallach mac Dúnchadha
Beathaisnéis
Breith8 haois
Bás776
Ríthe na Laighean
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Dhúnchadha Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteFíonsneachta Ceathairdheach Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDúnchad mac Murchado

Le linn a réimis, bhí an rítheaghlach theas, Uí Chinnsealaigh, gafa le cogadh in éadan na n[Osraí]] in 761 agus cath cathartha sna blianta 769–770. Feictear Ceallach don chéad uair sna hannála ag Cath Áth Orc (i gContae Uíbh Fhailí) sa bhliain 770, inar chloígh sé Cináed mac Flainn Uí Fhailí agus Cathnio mac Bécce na bhFothart, a maraíodh.[2]

Buaileadh na Laigin go holc ag Ardrí, Aodh Allán de Cineál Eoghain, ag Cath Áth Seanaigh sa bhliain 738. I ndiaidh sin, bhí tréimhse síochána faoina hArdríthe Domhnall Mí (bás 763) de Chlann Cholmáin agus Niall Frasach (bás 778) de Chineál Eoghain. Sa bhliain 770, ámh, d'éalaigh an tArdrí nua, Donnchadh Mí (bás 797) de Chlann Cholmáin a chearta ar na Laigin. D'ionsaigh sé ach sheachain na Laigin é. D'fhan Donnchadh le seacht lá thart timpeall an dúin ársa, Ráith Aileann (i gContae Cill Dara) agus dhóigh sé an tír nó gur ghéill na Laigin dó.[3]

Sa bhliain chéanna, rinne clanna Shíol Aodha Sláine ruathair ar na Laigin. Chloígh Uí Chonaing clann Uí Théig ag Cath Átha Cliath i gCuala. Bhí ár mór Laigean ann, ach bádh a lán bunaitheoirí ag dul abhaile trí lántrá.[4] Cloíodh clann Uí Chearnaigh ag Cath Bholg Bóinne.[5]

Rinneadh rí Laigean fosta de mac Cheallaigh, Fíonsneachta Ceathardach (bás 808). Bhí a mhic, Faolán (bás 804) and Aodh (bás 829), ina abbaí Chill Dara, agus a iníon Muireann (bás 831) ina banabb.

Foinsí

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 9
  2. Annála Uladh, AU 770.4
  3. AU 770.8
  4. AU 770.10
  5. AU 770.9


This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.