Cathussach mac Eterscélai

Rí na Mumhan d'Eoghanacht Áine Cathasach mac Eidirscéil (Sean-Ghaeilge Cathussach mac Eterscélai) (bás c. 769). Eidirscéal mac Maoil Umha (bás 721), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí a mhuintir suite in oirdheisceart Chontae Luimnigh, ag Cnoc Áine gar do mhainistir Imligh i gContae Thiobraid Árann.

Infotaula de personaCathussach mac Eterscélai
Beathaisnéis
Bás769
Rí na Mumhan
742 – 769
 Cathal mac FinguineMáel Dúin mac Áedo  Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairEterscél mac Máele Umai

Sna seachtú agus ochtú haoiseanna, dáileadh ríogacht na Mumhan i measc na rítheaghlach de chiorcal istigh na nEoghanacht.

Ní thuairiscítear nó a réimeas nó a thásc sna hannála Éireann. Dar le Sioncronachtaí Laud, tháinig sé i gcoróin i gcomharbacht Cathal mac Finghin (bás 742) d'Eoghanacht Ghleanndamhnach sa bhliain 742, agus bhí sé i réim le 27 bliain.

Ní dhéantar tagairt do Chathasach agus eachtraí a tharla le linn a réimis á thaifeadadh. Sa cheantar Chlíu (oirthear Chontae Luimnigh agus cuid de Chontae Thiobraid Árann), tharla cath sa bhliain 744 inar maraíodh Chonchúr, rí Uí Fiodhghinte as Luimnigh.[2] Cé go raibh muintir Cathasaigh ina gcónaí ar theorainn Chliú, ní fios ar throid seisean sa chath, nó b'fhéidir miondreamanna an cheantair ag cúr i gcoinne smachtú Uí Fiodhghinte. Sa Tuadhmhumhain i gContae an Chláir, scrios na Déise an Chorca Mrua sa bhliain 744, agus tharla cath idir Uí Fiodhghinte in éadan na Corca Mrua agus na Corca Baiscinn sa bhliain 763.[3] Ba é folús cumhachta a fágadh de bharr meath Uí Fiachrach Aidhne na gConnacht a bhí faoi bhun coimhlint pholaitiúil an cheantair.

Sa bhliain 747, tharla Cath Charn Ailche idir fir na Mumhan, inar maraíodh Cairbre mac Con Díonaisc, ball d'Eoghanacht Locha Léin leath-neamhspleách.[4] Tharla Cath Cheann Fabrat (gar do Chnoc Suí Finn, Contae Luimnigh), arís idir fir na Mumhan, sa bhliain 757, inar maraíodh Bobdgal, uachtarán Mhungairit (mainistir gar do Chathair Luimnigh).[5] Ní fios cé a bhuaigh, agus is deacair é mar thoradh coimhlint cumhachta na linne seo a thuiscint. Tá a fhios againn áfach, gur briseadh monaplacht an chiorcail istigh ag an gcéad comharbacht eile, nuair a tháinig Maol Dúin mac Aodha i réim.

Foinsí

  • Annála Uladh
  • Sioncronachtaí Laud
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. Byrne, Tábla 13
  2. Annála Uladh, AU 744.4
  3. AU 744.8, 763.9
  4. AU 747.8
  5. AU 757.5


This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.