Cath Maige Mucrama
Scéal de chuid Scéalaíocht na Ríthe é Cath Maighe Mucramha[1] (Sean-Ghaeilge Cath Maige Mucrama) scríofa as Meán-Ghaeilge. Caomhnaítear an lámhscríbhinn is sine sa Leabhar Laighneach, a théann siar go dtí lár na 12ú haoise. De réir Wiley, téann an leagan sin den scéal siar go dtí an 9ú haois.[2]
Cineál | cath |
---|
Achoimre
Faightear sa scéal roinnt príomhcharachtar as bréagstair na hÉireann, san áireamh Ailill Aulom, a mhac Eoghan Mór agus a mhac altrama, Lughaidh mac Con, i dteannta le rí na Teamhrach, Art mac Cuinn. I gCúige Chonnacht ab ea Maigh Mucrama, gar do Bhaile Átha an Rí, Contae na Gaillimhe. Tá dinnseanchas ann a deir gur ainmníodh an mhaigh de bharr na muca draíochta a bhí amhail inmhíolú ann, sular chuir Méabh na gConnacht an ruaig orthu.[3]
Tháinig Mac Con, ar deoraíocht, ar ais go hÉirinn, le cabhair ó rí na Breataine, i dteannta le harm Briotanach agus Sachsanach, agus chloígh sé Éire chomh fada le cúige Connacht, áit a raibh sé ar intinn ag Eoghan troid le cabhair ó Art mac Cuinn. Am oíche roimh an gcath, luigh Eoghan agus Art le hiníonacha a n-óstaigh, ag giniúint na mac a rachadh i gcomharbacht orthu, Fiachu Muillethan agus Cormac mac Airt. Mar a bhí tuartha, fuair Eoghan agus Art araon bás le linn chath Maigh Mucramha, agus tháinig Mac Con i gcoróin i Teamhraigh.[4]
Thóg Mac Con Cormac mar mhac altrama, agus bhí sé i réim le seacht mbliana. Thug sé ansin breithiúnas bréige, rud a chuir le fios nár inniúil é mar rí. Thug Cormac áfach deabhreith. Tharla anachain ansin — "níor fhás féar sa chré, nó duilleog ar chrann, nó grán i n-arbhar" mar a deir sa scéal. Cuireadh Mac Con as a choróin agus tháinig Cormac i gcomharbacht air.
Chuaigh Mac Con chuig cúirt Ailealla court, áit a thug a mháthair altrama rabhadh dó go raibh baol roimhe. Nuair a rug Ailill barróg ar Mhac Con, bhain sé greim as lena fhiacail nimhe, á ghoin. Theith Mac Con, ach maraíodh é ag gaiscíoch Ailealla.[4]
Tosca
Is amhlaidh gurb í feidhm pholaitiúil an scéil ná cinsealacht sliocht Airt (na Connachta agus na hEoghanachta) thar shliocht Mhic Con (Corca Laidhe) a mhíniú agus a dlisteanú. Bhíodh na Connachta agus a fomhuintir Uí Néill ina n-Ard-Ríthe na hÉireann agus Ríthe na gConnacht; na hEoghanachta ina Ríthe na Mumhan; ach ní raibh tionchar polaitiúil ag Corca Laoi tar éis na 7ú haoise. Sa mhéid sin, is cuid de seanscéalta bunúis de mhuintir Uí Néill agus na hEoghanachta.[5][6][7]
Bhí na hEoghanachta de shliocht na nDeirgtine. Bhí Mac Con de shliocht na nDáirine ársa, col ceathrair na nUladh.
Eagráin agus aistriúcháin
Aistríodh an scéal go Béarla le:[3]
- Whitley Stokes, "The Battle of Mag Mucrime", Revue Celtique, 13, 1892
- Standish O'Grady, in Silva Gaedelica, 2 imleabhar, 1892
- M. O'Daly, Cath Maige Mucrama: The Battle of Mag Mucrama, 1975.
- Aistriúchán ar ancienttexts.org
Ina theannta sin, d'fhoilsigh Peadar Ua Laoghaire leagan Nua-Ghaeilge sa bhliain 1917 faoin teideal Lughaidh Mac Con.[8]
Foinsí
- Byrne, Francis John (1973). "Irish Kings and High-Kings". Londain: Batsford.
- Charles-Edwards, T. M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge: Cambridge University Press.
- MacKillop, James (1998). "The Oxford Dictionary of Celtic Mythology". Oxford: Oxford University Press.
- "The Cycles of the Kings". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-09-02.
Naisc sheachtracha
- Cath Maige Mucrama Curtha i gcartlann 2021-01-26 ar an Wayback Machine ar CODECS
- Cath Maige Mucrama ar Irish Sagas Online
- Corpus of Electronic Texts
Tagairtí
- cf. bóramha
- Féach Wiley, "Cath Maige Mucrama".
- Wiley, "Cath Maige Mucrama".
- MacKillop, Dictionary, "Cath Maige Mucrama"; Wiley, "Cath Maige Mucrama".
- Byrne, Irish Kings, ll. 66, 202 & 236–237
- Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 481, 489–490 & 580–583
- MacKillop, Dictionary, "Conmac", "Conmaicne" & "Lugaid mac Con".
- Lughaidh Mac Con (1917) ar archive.org