Carraig Phádraig
Is seandaingean agus láthair eaglasta stairiúil í Carraig Phádraig (The Rock of Cashel as Béarla). Tá sí suite ar imeall bhaile Chaisil, i gContae Thiobraid Árann.
Sonraí | ||||
---|---|---|---|---|
Cineál | Caisleán agus suíomh seandálaíochta | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Caiseal, Éire | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Aitheantóir | 128 | |||
Gníomhaíocht | ||||
Bunaitheoir(í) | Corc mac Luigthig | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | heritageireland.ie… | |||
Níl ach fothracha ann anois, cé gur séadchomhartha náisiúnta í agus tá athchóiriú déanta ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar chuid mhaith de na foirgnimh ar an láthair. Tá an baile suite in aice leis an mbóthar náisiúnta ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh, an N8.
Stair
Baineann an chuid is mó de na foirngimh ar an láthair ón 12ú agus ón 13ú haois, cé go raibh an áit ina ríchathaoir ag Ríthe na Mumhan ar feadh na gcéadta bliain roimhe sin.[1]
Tharla Creachadh Chaisil ar 15 Meán Fómhair 1647, le linn Chogadh na hAon Bhliana Déag, nuair a rinne Murchadh Ó Briain (nó an Iarla Inse Chuinn) scrios iomlán ar gharastún na Comhdhála, a bhí lonnaithe ar Charraig Phádraig.
Féach freisin
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- heritageireland.ie (2015-09-13). "Heritage Ireland: Caiseal Mumhan". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-09-13. Dáta rochtana: 2022-09-16.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |