Carraig Mhachaire Rois
Baile i gContae Mhuineacháin is ea Carraig Mhachaire Rois[1] (Carrickmacross as Béarla). Bhuaigh sí comórtas "Tidy Towns" do bhailte móra cúpla bliain ó shin. Tá an fhoireann peile sa tsraith idirmheánach. Bunaíodh an club peile sa bhliain 1887 agus caitheann siad na dathanna buí agus glas. Tá Carraig Mhachaire Rois nasctha le baile Carhaix, an Bhriotáin.
Carraig Mhachaire Rois | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Uladh | |||
Contae in Éirinn | Contae Mhuineacháin | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 44 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Eile | ||||
Logainm.ie | 39315 | |||
Suíomh gréasáin | carrickmacross.ie |
Stair
Is baile margadh í a d'fhás timpeall caisleán a thóg an tIarla Essex in 1630. Seasann Clochar St Louis anois ar shuíomh bunaidh an chaisleáin, mar gur scriosadh an caisleán féin go déanach sa 17ú haois le linn Chogadh an Dá Rí. D'fhorbair an baile níos mó go dtí gur tharla an Gorta Mór. Ansin thosaigh meath ar dhaonra na háite.
Tagairtí
- “Carraig Mhachaire Rois/Carrickmacross | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.