Caitlín Maude

Ba scríbhneoir, file, aisteoir, amhránaí sean-nóis agus gníomhaí Gaeilge as Conamara í Caitlín Maude (22 Bealtaine 1941 - 6 Meitheamh 1982).[1][2][3] Baineann tábhacht le Maude mar fhile de bharr go raibh rud éigin fiúntach le rá aici. Tháinig an fhilíocht as ceann, croí, putóga agus baill ghiniúna. Paisean a bhí i gceist; ní intleacht amháin.[4]

Infotaula de personaCaitlín Maude

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Meitheamh 1941
Casla, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Meitheamh 1982
40 bliana d'aois
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, scríbhneoir, file, aisteoir stáitse Cuir in eagar ar Wikidata
UirlisCeol gutha

Musicbrainz: cff9770d-cec4-4f83-8d41-bcb1e54f6dd4 Discogs: 3890906 Cuir in eagar ar Wikidata

Óige

Tháinig Caitlín Maude chun saoil sna Doiriú, i gCasla, Conamara. Ise an dara duine clainne a saolaíodh do John Joseph Maude agus a bhean chéile, Máire Nic an Iomaire. D'fhreastail sí ar an meánscoil i Móinteach Mílic i gContae Laoise agus i gColáiste Chroí Mhuire sa Spidéal. Chuaigh sí go dtí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit a ndearna sí staidéar ar an mBéarla, ar an nGaeilge, ar an bhFraincis agus ar an Matamaitic. Bhronn rialtas na Fraince scoláireacht Sambro uirthi tar éis di an marc is airde a bhaint amach i scrúduithe na chéad bhliana.

Gairm Bheatha agus Drámaíocht

Chuaigh sí le múinteoireacht tar éis di an chéim a bhaint amach, agus í ag obair i scoileanna éagsúla ar fud na tíre ar feadh tréimhse. Bhí Maude ag plé drámaíocht ó laethanta na meánscoile amach agus cáil uirthi as páirt Mháire sa dráma An Triail, le Mairéad Ní Ghráda. I mbreis air sin, scríobh sise agus Mícheál Ó hAirtnéide dráma in éineacht, dar teideal An Lasair Choille.

Bhí suim aici sa cheol freisin. Sa bhliain 1975 tháinig albam sean-nóis léi, Caitlín, amach ó Ghael-Linn.

Filíocht agus amhránaíocht

Bhí saint ag Caitlín i léann agus i bhfoghlaim riamh, dar lena tuismitheoirí. Scríobhadh sí dánta ó bhí sí ina cailín óg, agus dúirt sí féin gurbh í an tSiúr Ailbhe, a bhí ag múineadh Gaeilge di i gColáiste Chroí Mhuire, a thug an chéad spreagadh di chun dul i mbun pinn.[5] Bhí friotal solúbtha comhaimseartha ina cuid filíochta agus rian an tochta uirthi.

Amhránaí dearscnaithe ar an sean-nós a bhí inti agus stór amhrán mór grá aici.

Cúrsaí Sóisialta agus an Pholaitíocht

Bhí suim mhór aici i gcúrsaí sóisialta agus polaitíochta, go háirithe i leith na mbochtán. Rinne sí stocaireacht i gcoinne an Chómhargaidh Eorpaigh.

Bhíodh sí páirteach sna mórshiúlta a bhíodh ar siúl ar son na Stailceoirí Ocrais i dTuaisceart Éireann. Scríobh sí dán darbh ainm I m'Áit Dhúchais ó Thuaidh in ómós do Bhobby Sands tar éis dó bás a fháil ar stailc ocrais sa bhliain 1981. Thug sí tacaíocht d'fheachtas Misneach chomh maith.

Gníomhaíocht ar son na Gaeilge

Ba dhuine í Caitlín a bhí go mór ar son athbheochan na Gaeilge agus d'oibrigh sí go dúthrachtach chun bonneagar phobal na Gaeilge a fheabhsú. Bhunaigh sí club darbh ainm 'An Bonnán Buí' do Ghaeil Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1969 agus bhí sí páirteach i mbunú Scoil Lán-Ghaelach Santain, i dTamhlacht.

Saol Pearsanta

Phós Caitlín Maude Cathal Ó Luain ar 27 Nollaig 1969. Saolaíodh mac amháin dóibh, darb ainm Caomhán.

Bás

Fuair Caitlín Maude bás le hailse ar an 6 Meitheamh 1982. Cuireadh i reilig Sheosaimh í i mBóthar na Bruíne, Contae Átha Cliath.

Tagairtí

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. MAUDE, Caitlín (1941–1982) | ainm.ie (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. "Maude, (Maighréad) Caitlín | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-06-06.
  3. Concerto Chaitlín Maudeː Clár faisnéis (54 nóiméad, 2005) ar a shaol ar TG4
  4. Pol O Muiri (Meitheamh 2005). "An nota foirfe cruthaitheach ag Maude" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-06-06.
  5. Ó Coigligh, 2005, lch x

Saothair thagartha

  • Caitlín Maude - Caitlín [dlúthdhiosca]: CEFCD042 - meascán de dhánta agus d'amhráin ar an sean-nós.
  • Ó Coigligh, Ciarán, Caitlín Maude: Dánta, drámaíocht agus prós (Baile Átha Cliath 2005)
  • Welch, Robert (eag.), The Concise Oxford Companion to Irish Literature (Oxford 1996/2000) lgh 233-234

Naisc sheachtracha

This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.