Caimbriach

An tréimhse is luaithe sa ré Phailéasóch, 590-500 milliún bliain ó shin. Bhí na farraigí an-fhorleathan, agus cuimsíonn carraigeacha ón tréimhse éagsúlacht iontach iontaisí d'inveirteabraigh mhuirí, ina measc tríliopaigh is bracapóid. Samplaí de gheolaíocht na tréimhse nochtaithe i dtuaisceart na Breataine Bige, Albain, an Iorua, an Spáinn, agus na sléibhte Apaláiseacha sna Stáit Aontaithe.[1]

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Caimbriach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 111.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.