Caidéal leictreamaighnéadach

Feiste chun sreabháin sheoltacha a chaidéalú. Ritear sruth leictreach tríd an sreabhán, ingearach le treo shruth an tsreabháin, is cuirtear réimse maighnéadach i bhfeidhm, ingearach le treo shruth an tsreabháin agus leis an sruth leictreach. Ansin feidhmíonn fórsaí leictreamaighnéadacha ar an sreabhán díreach mar a fheidhmíonn fórsa ar shreang sruthiompartha a chuirtear go hingearach le réimse maighnéadach. An-áisiúil chun miotail leáite a chaidéalú.[1]

Caidéal leictreamaighnéadach

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Caidéal leictreamaighnéadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 104.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.