COVID-19
Is galar riospráide an-tógálach é COVID-19, arb é coróinvíreas núíosach is cúis leis, a sainaithníodh den chéad uair i mí na Nollag 2019 i Wuhan, príomhchathair chúige Hubei na Síne. Scaip COVID-19 ar fud an domhain go tapa.[1][2] D’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) i Márta 2020 go raibh sé ina phaindéim.
Tréithe an ghalair
I measc na tréithe coitianta, tá fiabhras, casacht agus giorra anála.[3] I measc na siomptóim eile, tá tuirse, pian sna matáin, buinneach, scornach tinn, cailliúint boladh, agus pian bhoilg.[4][5] De ghnáth bíonn an t-am ó nochtadh do theacht na siomptóm thart ar chúig lá. ach féadfaidh sé a bheith idir dhá lá agus ceithre lá dhéag.[6][7]
Scaipeadh
Scaiptear an víreas go príomha idir daoine le linn dlúth-theagmhála,[8][9] go minic trí bhraoiníní beaga a tháirgtear trí chasacht,[10] ag sraothartach nó ag caint.[11][12][13] Cé go dtáirgtear na braoiníní seo agus iad ag anáil amach, is gnách go dtiteann siad go talamh nó ar dhromchlaí. D’fhéadfadh daoine a bheith ionfhabhtaithe freisin trí dhul i dteagmháil le dromchla éillithe agus ansin a n-aghaidh.[14][15]
Is féidir leis an víreas maireachtáil ar dhromchlaí ar feadh suas le 72 uair an chloig uaireanta (athraitheach ar fad).[16]
Ionfhabhtú a chosc
I measc na mbeart a mholtar chun ionfhabhtú a chosc tá níochán láimhe go minic, fad fisiceach a choinneáil ó dhaoine eile (go háirithe uathu siúd a bhfuil comharthaí orthu), casacht agus sraothartach a chlúdach le fíochán nó uillinn inmheánach, agus lámha gan scaoileadh a choinneáil ar shiúl ón duine.[17][18] Moltar maisc a úsáid.[19]
Is éard atá i gceist le bainistíocht cóireáil comharthaí, cúram tacúil, aonrú agus bearta turgnamhacha.[20]
Stair
Ceaptar go raibh bunús ainmhíoch ag an víreas,[21][22] Ní fios cén bunús iarbhír, ach faoi mhí na Nollag 2019 ba é tarchur duine go duine ba chúis le leathadh an ionfhabhtaithe.[23][24]
Léirigh staidéar ar na chéad 41 cás de COVID-19 dearbhaithe, a foilsíodh in Eanáir 2020 in The Lancet, gurb é an 1 Nollaig 2019. an dáta is luaithe ar thosaigh na hionfhabhtuithe.[25][26][27] Thuairiscigh foilseacháin oifigiúla ón EDS gur thosaigh na hionfhabhtuithe is luaithe ar 8 Nollaig 2019.[28]
Dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur ráig Éigeandála Sláinte Poiblí de Imní Idirnáisiúnta[29][30] an ráig 2019-2020 agus an phaindéim an 11 Márta 2020.[31]
Amhail an 15 Aibreán 2020, tuairiscíodh níos mó ná 2 mhilliún[32] cás ar fud 210 tír agus críoch,[33] agus fuair níos mó ná 128,000 bás dá bharr. Tá níos mó ná 501,000 duine tar éis aisghabháil.[34]
Féach freisin
Tagairtí
- David S. Hui, Esam I Azhar, Tariq A. Madani, Francine Ntoumi, Richard Kock, Osman Dar (2020-02). "The continuing 2019-nCoV epidemic threat of novel coronaviruses to global health — The latest 2019 novel coronavirus outbreak in Wuhan, China". International Journal of Infectious Diseases 91: 264–266. doi: . ISSN 1201-9712. PMID 31953166. PMC:PMC7128332.
- "WHO Director-General's opening remarks at the media briefing on COVID-19 - 11 March 2020" (en). www.who.int. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- CDC (2020-12-22). "Coronavirus Disease 2019 (COVID-19) – Symptoms" (en-us). Centers for Disease Control and Prevention. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- CDC (2020-12-22). "Coronavirus Disease 2019 (COVID-19) – Symptoms" (en-us). Centers for Disease Control and Prevention. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- "Coronavirus disease (COVID-19)" (en). www.who.int. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- CDC (2020-12-22). "Coronavirus Disease 2019 (COVID-19) – Symptoms" (en-us). Centers for Disease Control and Prevention. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- Thirumalaisamy P. Velavan, Christian G. Meyer (2020). "The COVID-19 epidemic" (as en). Tropical Medicine & International Health 25 (3): 278–280. doi: . ISSN 1365-3156. PMID 32052514. PMC:PMC7169770.
- "Coronavirus disease (COVID-19)" (en). www.who.int. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- CDC (2020-10-28). "Coronavirus Disease 2019 (COVID-19) - Transmission" (en-us). Centers for Disease Control and Prevention. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- Lydia Bourouiba (2020-03-26). "Turbulent Gas Clouds and Respiratory Pathogen Emissions" (as en). JAMA 323 (18). doi: . ISSN 0098-7484.
- "Coronavirus disease (COVID-19)" (en). www.who.int. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- CDC (2020-10-28). "Coronavirus Disease 2019 (COVID-19) - Transmission" (en-us). Centers for Disease Control and Prevention. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- "Questions and answers on COVID-19" (en). European Centre for Disease Prevention and Control. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- "Coronavirus disease (COVID-19)" (en). www.who.int. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- CDC (2020-10-28). "Coronavirus Disease 2019 (COVID-19) - Transmission" (en-us). Centers for Disease Control and Prevention. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- "New coronavirus stable for hours on surfaces" (EN). National Institutes of Health (NIH) (2020-03-17). Dáta rochtana: 2021-01-24.
- "Advice for the public on COVID-19 – World Health Organization" (en). www.who.int. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- "[Withdrawn Guidance on social distancing for everyone in the UK]" (en). GOV.UK. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- CDC (2020-02-11). "COVID-19 and Your Health" (en-us). Centers for Disease Control and Prevention. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- CDC (2020-12-31). "Coronavirus Disease 2019 (COVID-19) – Prevention & Treatment" (en-us). Centers for Disease Control and Prevention. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- Kristian G. Andersen, Andrew Rambaut, W. Ian Lipkin, Edward C. Holmes, Robert F. Garry (2020-03-17). "The proximal origin of SARS-CoV-2". Nature Medicine: 1–3. doi: . ISSN 1078-8956. PMID 32284615. PMC:7095063.
- "Nautilus | Science Connected". Nautilus (2021-01-24). Dáta rochtana: 2021-01-24.
- The Novel Coronavirus Pneumonia Emergency Response Epidemiology Team (2020-02-01). "The Epidemiological Characteristics of an Outbreak of 2019 Novel Coronavirus Diseases (COVID-19) — China, 2020" (as en). China CDC Weekly 2 (8): 113–122. doi: . ISSN 2096-7071.
- David L Heymann, Nahoko Shindo (2020-02). "COVID-19: what is next for public health?". The Lancet 395 (10224): 542–545. doi: . ISSN 0140-6736. PMID 32061313. PMC:PMC7138015.
- Yi-Chi Wu, Ching-Sung Chen, Yu-Jiun Chan (2020-03). "The outbreak of COVID-19" (as en-US). Journal of the Chinese Medical Association 83 (3): 217–220. doi: . ISSN 1726-4901. PMID 32134861. PMC:PMC7153464.
- Chen Wang, Peter W. Horby, Frederick G. Hayden, George F. Gao (2020-02-15). "A novel coronavirus outbreak of global health concern" (as English). The Lancet 395 (10223): 470–473. doi: . ISSN 0140-6736. PMID 31986257.
- Jon CohenJan. 26, 2020, 11:25 Pm (2020-01-26). "Wuhan seafood market may not be source of novel virus spreading globally" (en). Science | AAAS. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- "WHO | Novel Coronavirus – China". WHO. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- "Statement on the second meeting of the International Health Regulations (2005) Emergency Committee regarding the outbreak of novel coronavirus (2019-nCoV)" (en). www.who.int. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- Shibani Mahtani, Miriam Berger, Siobhán O'Grady, Marisa Iati. "Hundreds of evacuees to be held on bases in California; Hong Kong and Taiwan restrict travel from mainland China" (en-US). Washington Post. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- https://www.who.int/dg/speeches/detail/who-director-general-s-opening-remarks-at-the-media-briefing-on-covid-19---11-march-2020
- "ArcGIS Dashboards". gisanddata.maps.arcgis.com. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- "Coronavirus Update (Live): 99,364,538 Cases and 2,131,281 Deaths from COVID-19 Virus Pandemic - Worldometer" (en). www.worldometers.info. Dáta rochtana: 2021-01-24.
- "ArcGIS Dashboards". gisanddata.maps.arcgis.com. Dáta rochtana: 2021-01-24.