CLG Naomh Seanán (Luimneach)
Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Naomh Seanán.
Béarla: | Saint Senans | ||||||||||||||
Bunaithe: | 1945 | ||||||||||||||
Contae: | Luimneach | ||||||||||||||
Roinn: | Thiar | ||||||||||||||
Peil: | Idirmheánach | ||||||||||||||
Iomáint: | - | ||||||||||||||
Dathanna: | Buí is gorm | ||||||||||||||
Páirc: | Páirc Naomh Seanáin, Faing, Contae Luimnigh | ||||||||||||||
|
Suíomh
Tá an club bunaithe i bparóiste Seanghualainn/Baile Riobard/Faing ar bhruach theas Béal na Sionainne in Iarthar Contae Luimnigh, 50km siar ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór imreoirí an chlub as na bailte Faing agus Seanghualainn agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Seanad, Clais Ghainimh, Bairrgeoin agus An Chorrghráig.
Cluichí
Imrítear ach an pheil amháin sa chlub. Cé gur dheineadh iarracht foireann iomána a bhunú tráth, ní imrítear an spórt sin go forleathan sa pharóiste. Is iad Eas Géibhtine agus Naomh Ciarán na clubanna iomána is gaire do Naomh Seanáin.
Páirc Imeartha
Tá páirc imeartha Naomh Seanán suite i lár bhaile Faing. Is anseo a chruthaíodh an chéad dromchla imeartha uile-aimsear sa chontae.
Imreoirí Cáiliúla
I measc peileadóirí cáiliúla an chlub, tá Conchúir Ó Maoláin (Conor Mullane) agus Eoin Ó Riain (Ian Ryan), a imríonn ar fhoireann sinsear Luimnigh le linn blianta na 2000í.
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).