CLG Cromadh
Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Cromadh.
Béarla: | Croom | ||||||||||||||
Bunaithe: | 1884 | ||||||||||||||
Contae: | Luimneach | ||||||||||||||
Roinn: | Theas | ||||||||||||||
Peil: | Sóisear A | ||||||||||||||
Iomáint: | Príomh Idirmheánach | ||||||||||||||
Dathanna: | Bán is gorm | ||||||||||||||
Páirc: | Bóthar an Teampaill, Cromadh, Contae Luimnigh | ||||||||||||||
|
Suíomh
Tá an club bunaithe i bparóiste Cromadh ar bhruach Abhann na Máighe i lár Chontae Luimnigh, 22km ó dheas ó Cathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó bhaile Cromadh, ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Cathair Easa agus An Carraigín agus ó pharóiste Mainistir.
Cluichí
Cé go bhfuil traidisiún na hiomána níos láidre sa cheantar, imrítear an pheil agus an iomáint sa chlub. Bhí tréimhse ann le linn blianta na 1970í agus na 1980í nuair a d'éirigh níos fearr le Cromadh sa pheil ach tá an bhéim dírithe anois go láidir i dtreo na hiomána.
Stair
Bhí traidisiún láidir iomána i gcónaí ann thart ar bhuach na Máighe agus is cosúil gurb é Cromadh an club CLG is sine atá gníomhach go leanúnach i gContae Luimnigh. Tá tuairisc ann faoi bhunú chlub faoin ainm Cromadh Abú, a bhí mar rosc catha ag clann na nGearaltach, tar éis crinniú i halla bhaile Cromadh i Mí Mhárta na bliana 1884, ocht mí roimh bhunú CLG féin. Imríodh ach an iomáint ar dtús agus ghlacadar páirt i gcomórtaisí a eagraíodh i lár agus i ndeisceart an chontae i ndiaidh glacadh le rialacha caighdeánacha an spóirt. Nuair a atheagríodh coiste an chontae i ndiaidh scoilt An Pháirnéalaigh, ghlac Cromadh Abú páirt i gCraobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh na bliana 1895. Tá tuairiscí ann chomh maith faoi cluichí Corn Uí Mhurchú i dTobar Phádraig i Mí Eanáir na bliana 1896 inar bhuaigh Feachtasóirí Mungairit ar iománaithe Cromadh Abú agus Naomh Pádraig ar pheileadóirí an chlub.
Thosnaigh iománaithe an chlub ag teacht chun chinn ag tús an 20ú haois. Ghabhadar Craobh Iomána Sinsear Iarthar Luimnigh don chéad uair sa bhliain 1907 agus tháinig Craobh Iomána Sinsear an Chontae chucu an bhliain dár gcionn nuair a bhuadar ar Chathair Laighin sa chluiche ceannais.
Cé go raibh deacrachtaí móra ag gach club sa chontae le foirne a chur ar an bpáirc le linn na dTrioblóidí agus sna blianta i ndidaidh an Chogaidh Cathartha, d’éirigh le Cromadh arís chorn an chontae a bhaint amach sa blianta 1919 agus 1924, nuair a bhuadar ar Fheadamar agus arís sa bhliain 1929 i ndiaidh dóibh An Cheapach Mhór a chloí sa chluiche ceannais. Díreach ina dhiaidh sin, thosnaigh an coimhlint ba ghéire i scéal iomána Luimnigh. Idir na blianta 1931 agus 1948, chas Cromadh agus Átháin ar a chéile naoi uair i gcluiche ceannais iomána sinsear an chontae agus d’éirigh le Cromadh an bua a fháil sna blianta 1940 agus 1941.
Tháinig meath tobann orthu le linn blianta na 1950í agus thiteadar síos chuig an ngrád sóisear agus níor éiríodar arís go dtí gur bhuadar Craobh Iomána Sóisear Chontae Luimnigh sa bhliain 1965. Suaus go dtí blianta na 1990í nuair a rabhadar ag imirt iomána sóisear arís, níor éirigh leo ach Craobh Iomána Sinsear an Deisccirt a bhuachaint sa bhliain 1984. Ach tháinig feabhas ar an scéal le teacht na Mílaoise de bharr an-iarracht a chur isteach sna foirne óga. Bhuadar Craobh Iomána Sóisear an Chontae sa bhliain 1996, Craobh Iomána Idirmheánach Luimnigh na bliana 1998 agus bhíodar ar ais i gcluiche ceannais sinsear an chontae sa bhliain 2007 nuair a chailleadar i gcoinne Áth Dara.
Sa bhliain 1954, atosaíodh an pheil sa chlub don chéad uair ó bhlianta tosaigh an 20ú haois agus tháinig Craobh Peile Sóisear an Deiscirt chucu sa bhliain 1958. Le linn blianta na 1970í, bhí béim an chlub ag titim i dtreo na peile agus ghabh Cromadh Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 1976 nuair a bhuadar ar Úlla agus arís sa bhliain 1983 tar éis dóibh an lámh in uachtar d'fháil ar Naomh Ciarán sa chluiche ceannais. I dteannta leis an iomáint, chuaigh an pheil i léig chomh maith le linn blianta deiridh na 1980í sular sháraíodar ar Naomh Seanán chun Craobh Peile Sóisear A Chontae Luimnigh a bhuachaint sa bhliain 1999.
Páirc Imeartha
Is í Páirc na nGael ar Bhóthar an Teampaill, 1 km siar ó lár an bhaile páirc imeartha an Cromadh. Cé go bhfuileadar ag imirt gan stad ar an suíomh céanna ó bhlianta na 1880í, níor cheannaigh an club é go dtí an bhliain 1974.
Imreoirí Cáiliúla
I measc imritheoirí cáiliúla Cromadh, tá Séamus de Róiste (Jim Roche) agus Seán Ó Conaill (Jackie O’Connell), baill d’fhoirne Luimnigh a bhuaigh Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann sna blianta 1934 agus 1936, Seán Ó Gealbháin (John Galvin), peileadóirí blianta na 2000í agus Stiofán Ó Luasa ar imir peil agus iomáint ar fhoireann an chontae le linn blianta na 2000í.
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).