CLG Cill Chuarnáin
Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Cill Chuarnáin.
Béarla: | Kilcornan | ||||||||||||||
Bunaithe: | 1900 | ||||||||||||||
Contae: | Luimneach | ||||||||||||||
Roinn: | Thiar | ||||||||||||||
Peil: | Sóisear B | ||||||||||||||
Iomáint: | Sóisear B | ||||||||||||||
Dathanna: | Dearg is bán | ||||||||||||||
Páirc: | Cill Chuarnáin, Contae Luimnigh | ||||||||||||||
|
Suíomh
Tá an club bunaithe i bparóiste Cill Chuarnáin in Iarthar Chontae Luimnigh, 25km siar ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór a imreoirí as sráidbhaile Cill Chuarnáin agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Ard Lomáin, Baile Sheoinicín agus Páirc na mBó.
Cluichí
Cé go bhfuil traidisiún níos láidre ag an iomáint sa cheantar, imrítear an dá chód sa chlub agus tá ag éirí níos fearr ag an bpeil sa chlub le déanaí.
Páirc Imeartha
Tá páirc imeartha Cill Chuarnáin suite i lár an pharóiste in aice na scoile náiisiúnta agus lámh leis an mbóther N69.
Imreoirí Cáiliúla
Is ball den chlub é Pádraig Ó hÍobhais (Paddy Ivess) a d'imir ar fhoireann Luimnigh I gcluiche ceannais Craobh Peile Sinsear na Mumhan sa bhliain 1991.
Naisc sheachtracha
- Limerick GAA (Béarla) Curtha i gcartlann 2008-01-09 ar an Wayback Machine
- Kilcornan Parish (Béarla)
- Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)
Tagairtí
- “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.