Cú Choigríche Ó Duibhgeannáin

Staraí agus annálaí Éireannach ba ea Cú Choigríche Ó Duibhgeannáin (beo 1627–1636).

Infotaula de personaCú Choigríche Ó Duibhgeannáin
Gníomhaíocht
Gairmstaraí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Tugadh an t-ainm Cú Choigríche mac Tuathal Ó Duibhgeannáin dó nuair a rugadh é, timpeall na bliana 1590. Tugadh an t-ainm as Laidin dó, Pereginus, nuair a ghabh sé ord beannaithe leis na Proinsiasaigh ag Leuven sa Bheilg anois. Staraithe gairmiúla as An Anaíle ó dhúchas ba ea a mhuintir, clann Uí Dhuibhgeannáin, a tháinig go leor acu trasna na Sionainne chun a gceird a cleachtadh i gcúige Chonnacht. Bhunaigh Uí Dhuibhgeannain coláiste bard at Cill Rónáin, gar do Loch Cé i dtuaisceart Chontae Ros Comáin.

Níltear ar an eolas faoina eachtraí sular thosaigh sé ag obair le Cú Choigríche Ó Cléirigh agus Fearfeasa Ó Maoilchonaire faoi threoir Mícheál Ó Cléirigh timpeall na bliana 1627, nuair a cuireadh é siúd go hÉirinn chun ábhar litríochta, stairiúil agus annálach a bhailiú sula gcaillfeadh é. Tiomsaíodh na hábhair seo i gcnuasaigh éagsúla, an ceann is mó le rá ná Annála na gCeithre Máistrí.

Níl aon eolas ann faoi bheatha Uí Dhuibhgeannáin tar éis na bliana 1636 nuair a críochnaíodh na hannála. Is dócha go ndeachaigh sé ar ais go Leuven ach b'fhéidir é gur fhan sé in Éirinn (bhí cóip desna hannála á úsáid ag Dubhaltach Mac Firbhisigh go déanach sna 1640í). Bhí gaol leis, Daibhidh Ó Duibhgheannáin, ina chónaí i gConamara chomh luath is 1651, ach d'fhéadfadh sé gur comhtharlú é seo.

Féach freisin

Foinsí

  • "The Learned Family of O Duigenan", Fr. Paul Walsh, Irish Ecclesiastical Record, 1921
  • "The Four Masters" (I & II, 1932 & 1934), Fr. Paul Walsh, Irish Leaders & Learning Through the Ages, Four Courts Press, Dublin, 2004, ISBN 1-85182-543-6
  • O Duibhgeannain, Cu Choigcriche (O'Duigenan, Peregrine), pp. 435–36, Dictionary of Irish Biography from the Earliest Times to the Year 2002, Cambridge, 2010.

Tagairtí


    This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.