Cú
Pór madra a ritear anois ar son spóirt, ach a bhíodh in úsáid leis na mílte bliain chun giorriacha, sionnaigh is fianna a sheilg. Caol le fionnadh gearr. Na cosa, an t-eireaball is an soc fada. Is mionphór an cú Iodálach. Tarlaíonn rásaíocht con ar chúrsa fálaithe ciorclach nó ubhchruthach, agus mealltar na cúnna timpeall an chúrsa le giorria meicniúil. Tógadh an chéad chúrsa mar seo in Emeryville, California i 1919.[1]
Ginearaltaí | |
---|---|
Tír bhunaidh | an Ríocht Aontaithe |
Tréithe fisiciúla | |
Airde | 71 cm, 76 cm, 68 cm agus 71 cm |
Aicmiú agus caighdeán póir | |
Cód catalóige | 158 (Federation Cynologique Internationale ) |
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Cú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 189.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoi madra é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.