Cócaireacht

Is í an chócaireacht an t-athrú a dhéantar ar bhia, de ghnáth tré theas a chur faoi. Is féidir cócaireacht a dhéanamh le tine a ullmhaíodh le hadhmad, le móin, le gual, le gás nó le leictreachas. Déantar cócaireacht ar bhia chun é a dhéanamh níos éasca le cogaint agus le próiseáil ag an gcorp, chun é a dhéanamh sábháilte trí fhrídíní a mharú, nó chun feabhas a chur ar bhlas an bhia. Tá iliomad bealaí le cócaireacht a dhéanamh. Mar shampla, féadtar róstadh, friochtáil, bácáil, beiriú, friochadh domhain, mallbheiriú nó scalladh a dhéanamh ar an mbia. Déantar ullmhúchán ar bhianna freisin le galú, deatú nó crochadh ar feadh scaithimh, cé gur leasú seachas cócaireacht a thugtar de ghnáth ar an dá mhodh dheireanacha.

Bricfeasta Gaelach

Go ginearálta, déantar cócaireacht i gcónaí ar fheoil, iasc agus uibheacha, le heisceachtaí tábhachtacha, go háirithe iasc i gcócaireacht na Seapáine, agus deatú agus crochadh le hispíní áirithe agus le hiasc.

Roinnt oidis ar an gcócaireacht Gaelach

This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.