Bunachar Bhéaloideas na Féinne
Is bunachar sonraí é Bunachar Bhéaloideas na Féinne (BBF) nó an Fionn Folklore Database (fionnfolklore.org).[1][2] Seoladh an acmhainn sa bhliain 2023. Is le maoiniú ó Ollscoil Harvard agus ó Chlár Tacaíochta Eisimirceach Rialtas na hÉireann a cuireadh an tionscadal seo ar an bhfód.[3] Tá an acmhainn faoi stiúir an Dr Natasha Sumner ó Roinn na dTeangacha agus na Litríochtaí Ceilteacha in Ollscoil Harvard.[4]
Feidhmiúlacht
- Tá thart fá 3,500 scéal ar BBF agus tuilleadh scéalta á gcur air i gcónaí. Tá an Fhiannaíocht ar an mbailiúchán scéalaíochta is líonmhaire dá bhfuil ann sa traidisiún Gaelach.
- Tá scéalta i gceithre theanga ann –Gaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban, Gaeilge Mhanann, agus Béarla – agus iad bailithe ar dhá thaobh an Atlantaigh. Bailíodh na scéalta is faide ar shiúl in Seattle sna Stáit Aontaithe.
- Tá léarscáil idirghníomhach acu agus is féidir ceantar ar bith a chuardach.
- Tá gluais de théarmaí úsáideacha le fáil, agus cur síos ar na carachtair is suntasaí i saol na Féinne.
Féach freisin
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- "Fionn Folklore Database". fionnfolklore.org. Dáta rochtana: 2023-12-13.
- Dubhán Ó Longáin (2023-12-12). "Cois Tine le Fionn Mac Cumhaill" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-12-13.
- Éanna Ó Caollaí (2023). "Fionn Mac Cumhaill sa ré dhigiteach" (ga-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-12-12.
- Robert McMillen (2023-07-18). "Scéalta agus amhráin na Fiannaíochta anois le fáil in aon bhunachar amháin" (ga-IE). The Irish News. Dáta rochtana: 2023-12-13.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.