Bultúr gríofa
Badhbh den Seandomhan atá dúchasach do dheisceart na hEorpa, an Afraic is deisceart na hÁise is ea an bultúr gríofa (Gyps fulvus).[1] Tugtar an bultúr gríofa Eoráiseach air freisin, chun idirdhealú a dhéanamh le speicis eile sa ghéineas Gyps ar a dtugtar bultúr gríofa chomh maith.[2] Níl cleití fada ar an gceann ná an muineál. Áitríonn sí tír oscailte. Itheann sí conablaigh mamach mór, suas le ceathrú dá meáchan féin i mbéile amháin. De ghnáth bíonn cuid mhaith díobh i láthair má bhíonn a leithéid ar fáil.[3]
Gyps fulvus | |
---|---|
Sonraí | |
Mais | 252 g (meáchan breithe) 8.328 kg (meáchan fásta) |
Réise sciathán | 2.591 m |
Meánlíon in ál | 1 |
Tréimhse ghoir | 54 laethanta |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 22695219 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Aves |
Ord | Accipitriformes |
Fine | Accipitridae |
Géineas | Gyps |
Speiceas | Gyps fulvus Hablitz, 1783 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Tagairtí
- ““Gyps fulvus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
- ““bultúr gríofa Eoráiseach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
- Hussey, Matt (2011). "Badhbh gríofa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 58.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.