Buama adamhach

Buama (an A-bhuama) a phléascann trí fhuascailt fuinnimh le linn eamhnú adamh trom (úráiniam-235 nó plútóiniam-239).

Infotaula d'armaBuama adamhach
Cineálweapon functional class (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Is féidir é a scaoileadh ó eitleánfomhuireán, nó le hairtléire. Tá leaganacha ar leith le fuinneamh níos lú ann, le húsáid mar airm bheartacha, agus leaganacha eile a dtugtar buamaí neodrón orthu a tháirgeann an-chuid radaíocht threáiteach neodrón (atá an-mharfach do dhaoine is orgánaigh eile, fiú má bhíonn siad i ndídean) ach nach mbíonn rómhillteach d'fhoirgnimh.

Tá na buamaí teirmeanúicléacha (N-bhuamaí) tagtha in ionad na n-A-bhuamaí cuid mhaith le blianta fada mar na hairm straitéiseacha is bagraí dá bhfuil ann. Bunaithe ar chomhleá adamh éadrom, ach truicearaithe le hA-bhuama, bíonn siad i bhfad níos cumasaí milltí.

Stair

Féach freisin

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Buama adamhach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 96.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.