Brian Mac Aongusa
Ceannaire ar Raidió na Gaeltachta, príomhfheidhmeannach ar Ghael Linn agus scríbhneoir ba ea Brian Mac Aongusa ( - 24 Márta 2023).[1][2][3][4][5]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 24 Márta 2023 An Charraig Dhubh, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Coláiste Mhuire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | craoltóir, scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Gairm
D'fhás Mac Aongusa suas i gCarraig Dhubh, BAC agus d'fhreastail sé ar Choláiste Mhuire agus COBÁC. Thosaigh sé ag obair leis an Roinn Airgeadais.
Bhí Mac Aongusa ina bhall den choiste a bhunaigh Raidió na Gaeltachta in 1972, agus ina Cheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Mheitheamh 1978 go dtí Deireadh Fómhair 1980. D'fhorbair sé sceideal na maidine go mór agus gur chuir sé béim ar leith ar chraoltaí seachtracha beo.
Bhí sé seal ina cheannasaí ar Raidió a hAon RTÉ.
I mí Iúil 1988 a ceapadh ina phríomhfheidhmeannach ar Ghael Linn é agus d’éirigh sé as i 1996 ach d’fhan sé ar fho-choiste Bharra an Teampaill chun an plean forbartha a chur i gcrích.[6]
Bhí sí ina chathaoirleach ar an gcoiste comhairleach a raibh bunú Theilifís na Gaeilge i 1995 mar chúram air.
D'éirigh sé as Ghael Linn le luí isteach ar a thaighde ar stair na n-iarnród. Saineolaí mór le rá ar chúrsaí iarnróid ab ea é agus tháinig a leabhar The Harcourt Street Line amach in 2004.[7] Foilsíodh leabhar eile, Traenacha in Éirinn, in 2014.[8]
Foilseacháin
- The Harcourt Street Line: Back on Track - ISBN 1856079074, 2004
- Luas: Harcourt Street Memories - ISBN 1856079171, 2005
- Broken Rails, Crashes, and Sabotage on Irish Railways - ISBN 1856079252, 2006
- Hidden streams: a new history of Dún Laoghaire-Rathdown - ISBN 1856079503, 2007
- Traenacha in Eirinn - ISBN 1857918371, 2014
Féach freisin
Tagairtí
- "Death Notice of Brian Mac Aongusa" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2023-03-28.
- "‘Tírghráthóir go smior’ – Brian Mac Aongusa, iarcheannaire RnaG, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-28.
- RTÉ News (2023-03-25). "Broadcaster and railway expert Brian Mac Aongusa dies" (as en).
- "Brian Mac Aongusa ar shlí na Fírinne" (as en) .
- "Brian Mac Aongusa iar-phríomhfheidhmeannach Gael Linn imithe ar shlí na fírinne" (ga). www.gael-linn.ie. Dáta rochtana: 2023-03-28.
- Máiréad Ní Chinnéide: Scéal Ghael-Linn. Cló Iar-Chonnacht 2013.
- "The Harcourt Street Line, BrianMac Aongusa - Shop Online for Books in Fiji". www.fishpond.com.fj. Dáta rochtana: 2023-03-28.
- "Traenacha in Eirinn" (as en-gb) . Curtha i gcartlann 2023-03-29 ar an Wayback Machine