Brúchtadh Krakatoa (1883)
Sa bhliain 1883, bhrúcht Sliabh Krakatoa san Indinéis.[1]
| ||||
| ||||
Cineál | brúchtadh bolcáin ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Tréimhse | 20 Bealtaine - 21 Deireadh Fómhair 1883 | |||
Dáta na bliana | 1883 ![]() | |||
Suíomh | Sliabh Krakatoa, An Indinéis ![]() ![]() ![]() | |||
Tír | Dutch East Indies (en) ![]() ![]() | |||
Líon básanna | meastachán 36,417 ![]() | |||
![](../I/Krakatoa_eruption_lithograph.jpg.webp)
Thosaigh na brúchtaí ar an oileán bolcánach ar an 20 Bealtaine 1883 agus phléasc an sliabh ar an 26/27 Lúnasa. Bhí torann an bhrúchta, an torann is airde a thaifead eolaithe riamh, le cloisteáil i bPerth san Astráil, 3,200 ciliméadar ar shiúl ón láthair.
Meastar gur theilg Krakatoa 50 milliún tonna cré san atmaisféar agus gur dhorchaigh na spéartha thar níos mó ná 1,000 km2.
Thit luaith is smidiríní carraige thar achar 800,000 km2, agus chuir an brúchtadh tús le tonnta fathachúla farraige (súnámaí), 30 m ar airde.
Mharaigh an brúchtadh agus an súnámaí níos mó ná 36,000 duine ar chóstaí Iáva is Shumatra idir 26-28 Lúnasa.
Iarmhairtí
Tá tuairim i measc eolaithe aeráide gur athraigh an brúchtadh seo aeráid an domhain ar feadh go leor blianta.
Féach freisin
Tagairtí
- cogg.ie (Imleabhar 12 Eagrán 26 4 Bealtaine 2016). "Eureka (Fíricí Fónta)". Dáta rochtana: 2021.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |