Boris Becker
Iar-imreoir leadóige is ea Boris Franz Becker. Rugadh i Leimen, an Ghearmáin é ar an 22 Samhain 1967.
![](../I/Boris_Becker_(crop).jpg.webp)
![](../I/Boris_Becker.jpg.webp)
Iar-uimhir a haon ar domhan ab ea Becker, agus duine de na himreoirí ab fhearr riamh a lasc liathróid 'Slazenger' ar chúirt leadóige.[1] Bhuaigh sé Comórtas Wimbledon trí huaire.
![](../I/BECKER_Boris-24x30-.jpg.webp)
Gairm
1985
Strapaire fir a bhí ann, gan ag Becker ach aois buachalla scoile (in aois 17 bliain dó) nuair a tharraing sé aird an domhain air féin ar an bplásóg cháiliúil féir sin in iardheisceart Londain don chéad uair sa bhliain 1985.[2]
![](../I/Boris_Becker_2018.jpg.webp)
Rinneadh stair ar an An Domhnach, 7 Iúil 1985 mar gurbh é Boris Becker an t-imreoir ab óige riamh le Craobh Wimbledon a chrochadh leis. Chloígh Becker an fear ón Afraic Theas a raibh an-bharúil dó, Kevin Curren sa chluiche ceannais. bhuaigh sé 6-3,6-7,7-6,6-4 agus é £130,000 níos saibhre dá bharr.[2]
Gairm
Bhuaigh Becker Wimbledon arís i 1986 agus don uair dheiridh i 1989. Bhuaigh sé trí mhórchomórtas leadóige eile agus Bonn Óir Oilimpeach.
Díol suntais ab ea an luas a chuirfeadh sé faoi liathróid le linn a chuid seirbheála, go minic é sa bhreis ar 210 km san uair.[2]
![](../I/Boris_Becker_-_2019102190928_2019-04-12_Radio_Regenbogen_Award_2019_-_Sven_-_1D_X_MK_II_-_0485_-_AK8I9654.jpg.webp)
Thabharfá suntas freisin dá shlacht, dá airde, dá ghuaillí, dá lúthchleasaíocht agus dá ghluaiseacht coirp.
Cuimhneofar freisin ar shearradh fisiciúil na colainne agus é á chaitheamh féin trasna na cúirte geall leis le go mbéarfadh a raicéad ar liathróid a shílfeá a bhí ag imeacht uaidh go dtí an nóiméad deireanach.
Ba mhaith ann an 'Becker Hecht' agus an leasainm 'Baron Von Slam' an eangaigh tuillte go maith aige.[2]
Conspóidí
Banaí a bhí ann agus bhí sé báite i scannail ghnéis. Chuir mná go speisialta spéis sa bhfolt breá fionn gruaige sin, an 'Strawberry Blonde' agus a chloigeann cromtha ag Becker ag fáil faoi réir do choimhlint na cúirte.v
2002
An oiread lena chaidreamh le mná, is ar éigin a raibh Becker mórán ní ab fhearr lena chuid airgid. Gach ar thuill sé (breis is $25m a deirtear) i gcaitheamh a chuid imeartha, ceaptar gur beag más tada é a bhí fágtha aige sna 2000idí.
Bhí an t-ádh air sa bhliain 2002 nach ndeachaigh sé i bpríosún nuair a dhaor Cúirt i Munich sa Ghearmáin é i seachaint chánach. Bhí 2 bhliain gearrtha air an tráth sin i 2002 ach níor chaith sé lá sa phríosún, fíneáil €500,000 buailte air ina áit.[2]
2015
I 2015 tugadh Becker chun cúirte; banc príobháideach a bhí i gceist agus é ráite aige go raibh £14m dlite dó ó Becker.
2022
Sa bhliain 2022, bhí téarma príosúin 2.5 bliain gearrtha ar Becker as a chuid téarmaí féimheachta a shárú. Cuireadh é chun príosún ar feadh 2.5 bliain inniu ag Cúirt Chorónach Southwark i Londain ó fuarthas ciontach é i gcúiseanna a bhain lena féimheacht sa bhliain 2017.[1]
Ciontaíodh Boris Becker in iasacht bainc luach €825,000 a choimeád i bhfolach chomh maith le scaireanna luach 75,000 i gcomhlacht teicneolaíochta. Bhain an cás in aghaidh an iar-réalt leadóige leis an gcúis nár nochtaigh sé go hiomlán a chuid sócmhainní, nuair a fógraíodh bancbhriste an fear i 2017.
Féach freisin
- The Championships, Wimbledon
Tagairtí
- Nuacht RTÉ (2022-04-29). "Téarma Príosúin 2.5 bliain gearrtha ar Boris Becker" (as ga).
- RTÉ Nuacht (2022-04-30). "Príosún faighte ag Becker:Nach mór an t-athrú ar an saol é" (as ga).