Bodhbh Dearg
I Miotaseolaíocht na nGael, ba mhac Eochaid Garb[1] nó Daghdha[2] é Bodhbh Dearg (Sean-Ghaeilge Bodb Derg), agus tháinig sé i gcomharbacht Daghdha mar rí na dTuath Dé Danann.
Cineál | pearsa fhinscéalach ![]() |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann ![]() |
Muintir | |
Athair | Daghdha ![]() |
Leanaí | Aobh agus Sadhbh ![]() |
Aisling Aonghasa
Agus Bodhbh ina rí sidhe na Mumhan, d'iarr Aonghas ar a dheartháir cuidiú leis, bean a aisling a aimsiú. D'éirigh le Bodb sam eachtra seo, ag aithint an bhean mar Caer Ibormeith.[3]
Oidheadh Chlainne Lir
I ndiaidh cliseadh na dTuath Dé Danann sa Chath Thailtean, toghadh Bodhbh mar rí na dTuatha Dé agus iad ag dul chun cónaí faoin talamh ina gcuid sidhe. Athair a lán diachtaí an ea é ina dhiaidh sin.
D'aithin gach céile comhraic toghchán Bhodhbh, ach amháin Lear, a dhiúltaigh urraim a thabhairt dó. Chuir Bodhbh comhairle ar a thacaithe gan díogras a imirt ar Lir. Thug Bodhbh beirt dá iníonacha féin mar chéile do Lear chun é a shuaimhniú. Tháinig an dá phósadh go crích míshona, ámh.[2]
Réamhscéal na Tána
Mar rí sidhe na Mumhan (agus a ghabha óir Lén ina theannta), bhí ról suntasach ag Bodhbh Sidhe ar Femen (mar a glaodh air) i réamhscéal an Táin Bó Cuailnge. Ar aimsir aigese a bhí an muicí a tharraing achrann le muicí rí sidhe na gConnacht. Sa deireadh, shlog dhá bha na muicithe i riocht péisteanna, agus athrugadh iad mar na tairbh Fionnbheannach agus Donn Cuailnge, tarbh eipeamanach na Tána.[4]
An Fhiannaíocht
Sa scéal de chuid na Fiannaíochta darb ainm Cath Fhionntrá, bhí Bodhbh ina cheannaire na dTuath Dé Danann chun cuidiú leis na Fianna i rith an chatha úd.[5]
Sanasaíocht
D'fhéadfadh é go bhfuil an t-ainm Bodb[6] gaolta le badhbh,[7] os rud é go bhfuil fuaimniú mar an gcéanna aige. Feictear corruair sna seantéacsanna agus a Sean-Ghaeilge neamhchaighdeánach, ainm Badb litrithe mar "Bodb".[8]
Naisc sheachtracha
- Tuatha Dé Danann/Bodb Derg Curtha i gcartlann 2019-06-09 ar an Wayback Machine ar timelessmyths.com
Tagairtí
- Leabhar Gabhála na hÉireann, eag. R. A. Stewart Macalister. 1941. Irish Texts Society, Baile Átha Cliath, Cuid IV, §VII, ¶316 (lch. 131).
- "The Children of Lir". P.W. Joyce (aistr.). 1879. Old Irish Romances. C. Kegan Paul & Co.
- "The Dream of Óengus". Early Irish Myths and Sagas. Jeffrey Gantz, 1982, Penguin. Le fáil Aislinge Oenguso as Seán-Gaeilge] ar CELT.
- De Chopur in dá Muccida ar CELT.
- Cath Finntrágha le fáil ar CELT.
- bodb → badb ar eDIL
- badhbh ar teanglann.ie FGB; préachán
- Tá sampla den rud seo sa tríú athleagan de Leabhar Gabhála na hÉireann, Cuid IV, §VII, ¶368 (lch. 188).
}