Beach meala
Is feithid eitilte é an bheach meala, nó bheach Eorpach, ó ghéineas Apis, atá dúchasach d'Eoráise. Cruthaíonn sí sochaí ilbhliantúil le máthair áil amháin, na céadta ladrann agus 50,000-80,000 beach oibre. Beireann máthair an áil suas le 3,000 ubh, ceann in aghaidh gach cill chéarach sa chíor meala. Toirchíonn na ladrainn máithreacha nua le linn a n-eitiltí pósta. Tóraíonn na beacha oibre foráiste, glanann an choirceog, tugann bia do na larbhaí, agus déanann gach gnó eile is gá. Ní dhéanann coilíneachtaí geimhriú ach maireann tríd an ngeimhreadh ar mhil is pailin stóráilte.[1]
Apis ![]() | |
---|---|
![]() Apis mellifera ![]() | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | mil agus apitoxin (en) ![]() ![]() |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Insecta |
Ord | Hymenoptera |
Fine | Apidae |
Fofhine | Apinae |
Géineas | Apis ![]() Linnaeus, 1758 |
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Beach meala". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 66.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.