Barúntacht (roinn chontae)
Is roinn riaracháin de chontae in Albain, in Éirinn agus in áiteanna imeallacha Shasana í barúntacht. Tá céim agus tábhacht níos ísle aici ná mar atá ag contae.
Bunús
Is éard is barúntacht gheografach ann ná iarsma ó aimsir na meánaoise den limistéar talún a choinnítear i bhfoirm tionachta talún feodaí ar a dtugtar barúntacht feodach, nó barúntacht de réir tionachta, barúntacht fheodach Shasanach, barúntacht fheodach Albanach nó barúntacht fheodach Éireannach, a d'fheidhmigh go léir faoi chórais dlí agus sóisialta éagsúla. Díreach mar nach bhfuil contaetha na linne seo faoi rialú riaracháin na n-uaisle a thuilleadh, ní bhíonn baint ag barúntachtaí geografacha le barúin fheodacha a thuilleadh, cinnte nach bhfuil i Sasana nuair a cuireadh deireadh le tionacht den sórt sin leis an gcóras iomlán feodach ag an Tenures Abolition Act 1660. Tá an staid in Albain níos casta, cé gur cuireadh deireadh le fórsa dlíthiúil an bharúin fheodaigh Albanaigh go luath san 21ú haois. . [1]
Tagairtí
- P. G. B. McNeill and H. L. MacQueen, eds, Atlas of Scottish History to 1707 (University of Edinburgh: Edinburgh, 1996), pp. 201-7