Banc Angla-Éireannach
Ba bhanc Éireannach é Banc Angla-Éireannach (Anglo-Irish Bank sa Bhéarla). Bhí ceannáras an bhainc lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
|
|||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | Banc gnó fiontar ![]() | ||||
Foirm dlí | Teoranta ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1964 | ||||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1 Iúil 2011 ![]() | ||||
Rud nó duine a tháinig ina áit | Corparáid Éireannach um Réiteach Banc ![]() | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Suíomh gréasáin | angloirishbank.ie ![]() | ||||
Cúlra
Ba í baincéireacht thrádálach príomhghnó an bhainc. De réir sin ní raibh a lán brainse miondíol ag an mbanc i gcathracha na hÉireann.
Ba é iasachtaí do thógálaithe agus d'fhorbróirí eastát réadach an chuid is mó de ghnó Bhanc Angla-Éireannach agus buaileadh an banc go trom i dtitim mhargadh maoine in Éirinn sa bhliain 2008.
Sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2008, tar éis do na bainc a bheith ag tabhairt iasachtaí go doscaí le blianta, bhí an t-iasachtú fophríomha i dtrioblóid. Ar an 14 Márta 2008, thug an Federal Reserve iasacht $25 billiún do Bear Stearns, bróicéir dócmhainneach i Nua-Eabhrac. Ba ualach breise é ar cháiníocóirí ag an am. Rinneadh dochar do mhuinín lucht gnó agus tháinig lagmhisneach ar infheisteoirí timpeall an domhain.
![](../I/Bear_Stearns_Logo.svg.png.webp)
Ar an 17 Márta, nó "Sléacht Lá le Pádraig", thit luach na scaireanna Anglo-Irish 15%, i bhfianaise imní faoi thodhchaí an bhainc.[1]
Instealladh airgid
![](../I/Anglo_Irish_Bank%252C_Belfast%252C_October_2010.JPG.webp)
2008
I mí na Nollag 2008, d'fhógair rialtas na hÉireann go raibh siad chun 1.5 billiún euro a chur isteach sa bhanc agus go dtógfaidís úinéireacht ar 75% den bhanc.
Stopadh trádáil i scaireanna an bhainc ar na stoc-mhalartáin i mBaile Átha Cliath agus i Londain ar an bpointe. Ba é €0.22 an praghas deireanach, titim 98% ón bpraghas is airde. Ní raibh luach ar bith ar na scaireanna ina dhiaidh an lá sin.
2009
![](../I/Brian_Cowen_in_Philadelphia.jpg.webp)
Dúirt an Taoiseach, Brian Ó Comhain, ar 16 Eanáir 2009 go raibh "gnó mar is gnáth" ar siúl sa bhanc agus rinne sé iarracht an phobal a athdheimhniú gur banc sócmhainneach a bhí ann.
Idir mí Meithimh agus mí Meán Fómhair2009, sholáthraigh an tAire Airgeadais, Brian Ó Luineachán, 4 billiún euro capitil don bhanc. I ráiteas ar 30 Márta 2009, d'fhógair Ó Luineachán go raibh sé chun 8.3 billiún euro sa bhreis a chur isteach sa bhanc agus go mbeadh suas go 10 billiún euro eile ag teastáil ag an mbanc mar gheall ar chaillteanais a fhéadfadh tarlú sa todhchaí.
Tháinig roinnt conspóidí chun solais ó tharla náisiúnú an bhainc:-
- iasachtaí do stiúrthóirí an bhainc
- iasachtaí a thug an banc do deichniúr custaiméirí chun scaireanna a bhainc a bhí ag grúpa Quinn a cheannach
2010
Ar 31 Márta 2010 d'fhógraíodh go raibh caillteanas €12.7 billiún ag an mbanc (brabús oibriúcháin €2.4 billiún curtha le bearnúcháin €15.1 billiún). Ba é an caillteanas is mó riamh ag comhlacht Éireannach.
Dearbhaigh iarchathaoirleach an bhainc, Seán FitzPatrick, ina fhéimheach in Ardchúirt na hÉireann ar 12 Iúil 2010.
![](../I/Protest_against_bailout_of_Anglo_Irish_Bank.jpg.webp)
Riar an chirt
Ar an 31 Iúil 2015, gearradh téarmaí príosúnachta idir 18 mí agus 3 bliana ar thriúr iar-fheidhmeannach le banc Anglo Irish[2].
Ar an 20 Meitheamh 2018, gearradh sé bliana sa phríosún ar iar-phríomhfheidhmeannach bhanc an Anglo Irish David Drumm faoi chomhcheilg airgead a aistriú ón mbanc go dtí forais airgeadais eile agus faoi chuntais bhréagacha a chur i láthair an mhargaidh sa bhliain 2008[3]. Dúirt an breitheamh go raibh sé de cheart ag daoine muinín a bheith acu as bainc agus go raibh iompar David Drumm náireach.
![](../I/Anglo_Irish_Bank_0829.JPG.webp)
Bhí sé curtha ina leith go ndearna Drumm é seo chun go mbeadh an chuma ar an scéal go raibh €7.2 billiún níos mó ná mar a bhí i ndáiríre i gcuntais Anglo Irish. Phléadáil Drumm neamhchiontach sna cúiseanna a cuireadh ina leith. Mhaígh a chuid dlíodóirí gur bainistiú macánta oscailte a bhí ar bhun aige d'fhonn an banc a chosaint.
Ciste réitigh banc
Cuireadh an CÉRB ar bun sa bhliain 2011 nuair a cumascadh an Banc Angla-Éireannach (náisiúnaithe faoin am sin) agus Cumann Foirgníochta Forleitheadach na hÉireann.[4]
Ar an 7 Feabhra 2013, achtaíodh an tAcht fá Chorparáid na hÉireann um Réiteach Bainc, 2013, chun socrú ar leith a dhéanamh maidir le CÉRB.
Féach freisin
- Corparáid Éireannach um Réiteach Banc
- Seán FitzPatrick (ceannasaí, Banc Angla-Éireannach)
Tagairtí
- 30 Days in September: An Oral History of the Bank Guarantee, .thejournal.ie 17 Nollaig 2014
- Nuacht RTÉ (2015-07-31). "Píonós gearrtha inniu ar thriúr iar-fheidhmeannach le Anglo" (as ga).
- Nuacht RTÉ (2018-06-20). "6 bliana sa phríosún gearrtha ar David Drumm" (as ga).
- Scoil Dlí, COBÁC (2018). "CÉRB" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-02-07.