Bainne cíche
Táirge na faireoige mamaí i ndaoine is mamaigh eile is ea bainne cíche. Athraíonn a chomhdhéanamh le linn an leachta, agus fiú le linn béile an naíonáin.
Táirgeoir | Homo sapiens |
---|---|
Sonraí | |
Cineál | bainne |
Bíonn bainne daonna lán d'antasubstaintí táil (glóbailin imdhíonachta A) is fachtóirí frithmhiocróbacha. Bíonn an t-iarann ann i bhfoirm an-ionsúite. Fanann a chaighdeán mar an gcéanna den chuid is mó an t-am ar fad, fiú má bhíonn athruithe móra in aiste bia na máthar.
Glactar leis go forleathan gur fearr go mór é mar aonchothú don naíonán sa chéad ráithe nó mar sin dá bheatha.[1][2]
Féach freisin
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Bainne cíche". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 59.
- hse.ie (2017). "Cén difríocht a dhéanfaidh beathú cíche?". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-03-26. Dáta rochtana: 2022.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin bhia é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.