Bécc Bairrche mac Blathmaic
Rí na nUladh de chuid an Dáil Fhiatach ba ea Béic Bairrche mac Blathmhaic (Sean-Ghaeilge Bécc Bairrche mac Blathmaic (bás 718)[1][2] a bhí i réim ó 692 go 707. Blathmhac mac Maoil Chobha (bás 670), iar-rí, ba ea a athair.[3][4][5]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 718 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Teaghlach | Dál Fiatach |
Páiste | Aodh Róin |
Athair | Blathmac mac Máele Cobo |
Leasainm
Luann a leasainm dúiche Bheanna Boirche l ndeisceart Chontae an Dúin. Mar is gnách, is féidir ainm dá leithéid nó ceantar nó altranas a lua, agus d'fhéadfadh é go bhfuil nasc ann le muintir Uí Bhairrche na Laigean.[6]
Beatha
Bhí an Dál Fiatach i gceannas ríogacht na nUlad ón bhliain 637 go 674. Bhíodh imreas clainne i measc an Dáil san aimsir sin. Maraíodh seanathair Bhéic, Maol Cobha mac Fiachna ag an nia féin, Congal Ceannfhada mac Dúnchadha sa bhliain 647.[7][8][9] Sa bhliain 674, mharaigh Béic Congal, agus dá bharr rinneadh rí Dhál Fhiatach de Bhéic.[10][11][12] Níor tháinig Béic i gcoróin mar rí na nUlad, and, go dtí 692, tar éis bhás Fhearghasa mhic Aodháin den ghéag iomaíochta, Uí Eachach Cobha (Dál nAraidi). B'fhéidir é gurbh iarrthóir comhréiteach é.[13]
D'fhéadfadh é go raibh Ard-Rí na hÉireann, Fínsnechta Fledach den Síol Aodha Sláine, pósta le Concheann iníon Chongail, agus go raibh achrann pearsanta eatarthu. Rinne Béic ruathar ar thailte Ui Neill an deiscirt, ach chloígh Fínsneachta é ag Taillte sa bhliain 679.[14][15][16]
Tar éis bhás Fhínsneachta, phós Béic Concheann, is dóigh chun a chéim i nUlaid a threisiú. Phós sé freisin Barrdubh iníon Leathlobhair mac Eachach (bás 709) den Dál nAraidi.[17]
Mar rí na nUlad, ar duine a bhí sé de ráthóirí Cáin Adhamhnáin ag Biorra sa bhliain 697.
Sa bhliain 691, rinne an Dál Riada creach ar na Cruithne (Dál nAraidi) agus na hUlaid (Dál Fiatach).[18][19] Bhí foghlaithe Briotanaigh gníomhach timpeall tús na 8ú haoise. Sa bhliain 697, rinne na hUlaid agus Briotanaigh le chéile scrios ar Mhagh Muirtheimhne i gContae Lú, áit a raibh cónaí ar treibh Ulad Conaille Muirtheimne.[20][21] Sa bhliain 703, bhí na hUlaid agus na Briotanaigh i mbun chogaidh eatarthu féin, agus throid siad Cath Mhagh Cuilinn san Aird. Maraíodh an Briotanach, mac Radgann (a raibh clú aige as ucht chreachadh eaglaisí).[22][23][24]
D'éirigh Béic as a gcoróin agus thug sé leis maide an oiltrigh sa bhliain 707. Fuair sé bás sa bhliain 718.[25][26]
Bhí a mhac le Concheann, Aodh Róin (bás 735) in am trátha ina rí Ulad.
Foinsí
- Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
- Dáibhí Ó Cróinín (2005), A New History of Ireland, Volume One, Oxford: Oxford University Press
Tagairtí
- Annála Uladh, AU 718.2
- Annála Tiarnaigh, AT 718.2
- Byrne, Tábla 6
- Charles-Edwards, aguisín XXI
- Mac Niocaill, lch. 155
- Ó Cróinín, lch. 194
- AU 647.1
- AT 648.1
- Mac Niocaill, lch. 100
- AU 674.1
- AT 674.1
- Mac Niocaill, lch. 101
- Mac Niocaill, lch. 101
- AU 679.3
- AT 679.3
- Mac Niocaill, lch. 108
- Mac Niocaill, lch. 115
- AU ???
- Mac Niocaill, lch. 114
- AU 697.10
- AT 697.6
- AU 703.1
- AT 703.1
- Mac Niocaill, lch. 114
- AU 707.6
- Mac Niocaill, lch. 115