Béal Átha an Ghaorthaidh
Ceantar Gaeltachta i gCnoic na Seithe i gContae Chorcaí is ea Béal Átha an Ghaorthaidh[1], le daonra thart faoi 750.
Béal Átha an Ghaorthaidh | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Chorcaí | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 95 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Eile | ||||
Logainm.ie | 11245 | |||
Suíomh gréasáin | ballingeary.com… |
Scoileanna
Tá dhá scoil sa cheantar: Scoil Fhionnbarra (scoil náisiúnta) agus Scoil Mhuire (ceardscoil). Tá tuairim is 120 dalta ag freastal ar scoil Fhionnbarra agus thart faoi 75 dalta ag freastal ar Scoil Mhiure.
Coláiste na Mumhan
Coláiste samhraidh is ea Coláiste na Mumhan. Sa bhliain 1904 a bunaíodh an Coláiste agus is é an t-ainm a bhí air ag an am ná "Coláiste Múinteoireachta na Mumhan" - ag díriú go príomha ar theagasc na Gaelainne do mhúinteoirí. Thosnaigh an coláiste le foirgneamh ar chíos ón Sagart Paróiste. Ina dhiaidh sin leathnaíodh amach na cúrsaí a bhí ag an gColáiste do dhéagóirí Chontae Chorcaí, agus ansin go dtí an tír uilig
An Ghaelainn i mBéal Átha an Ghaorthaidh
De réir daonáireamh Phoblacht na hÉireann 2011 bhí cónaí ar 544 duine i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Dúirt 435 (83.5% de dhaoine 3 mbliana d'aois +) duine go raibh an Ghaelainn acu agus dúirt 186 duine (35.7%) go n-usáideánn siad an Ghaelainn go laethúil lasmuigh den chóras oideachais.
An Cairdinéal Manning
Rugadh agus tógadh an Cairdinéal Timothy Manning (15 Lúnasa, 1909—23 Meitheamh, 1989) i mBéal Átha an Ghaorthaidh sula ndeachaigh sé go Meiriceá. Ba iad Cornelius Mannning agus Margaret Cronin a thuismitheoirí.[2]
Cumann peile
Tá cumann peile ag Béal Átha 'n Ghaorthaidh. Bunaiodh sa bhliain 1957 é. Ba é An tAthair Micheál Ó Murchú an chéad uachtarán. Ba é Seán Ó Rinn an Leas-Uachtarán agus ba é Liam Ó Seartan an cathaoirleach. Bhí Conchúr ó Cróinín mar chaptaen ar an bhfoireann.
Tagairtí
- “Béal Átha an Ghaorthaidh/Ballingeary | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- http://www.fiu.edu/~mirandas/bios-m.htm#Manning Miranda, Salvador. The Cardinals of the Holy Roman Churcb (as Béarla)
Naisc sheachtracha
- Comórtas na mBailte Slachtmhara
- Comórtas na mBailte Slachtmhara
- Cumann Peile Bhéál Átha 'n Ghaorthaidh Curtha i gcartlann 2008-03-13 ar an Wayback Machine
- Coláiste na Mumhan Curtha i gcartlann 2007-11-20 ar an Wayback Machine
- Béal Átha 'n Ghaorthaidh
- Béal Átha 'n Ghaorthaidh