Avicenna
Fealsamh agus fear leighis Peirseach den gcreideamh Moslamach ab ea Abu 'Ali al-Husayn Ibn Abd Allah Ibn Sina, nó Ibn Sīnā, nó Avicenna mar a thugtar air i Laidin agus i bhformhór theangacha na hEorpa. Do rugadh é gar do Bhúkhara, i bproibhinse Chorasáin Mhóir (réigiún atá suite in Úisbéiceastáin an lae inniubh), ar an 7ú lá de Lúnasa sa bhliain 980 agus do fuair sé bás, i gcathair Hamadán (cathair atá suite in Iaráin an lae inniubh), le linn Mhí an Mheithimh sa bhliain 1037. Cé gur scríobh sé i bPeirsis leis, is in Araibis a scríobh Avicenna mórchuid dá shaothar, saothair a bhaineann le réimsí éagsúla an eolais - an réalteolaíocht, an ailceimic, agus an aigneolaíocht, ina measc. Do thugadh lucht leanúna Avicenna "Seich al-Ra'íos" (Gaeilge: 'Prionsa na Saoithe') air lena linn.
Ainm sa teanga dhúchais | (fa) ابن سینا |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 980 Afshona (Samanid Empire) |
Bás | 18 Meitheamh 1037 56/57 bliana d'aois Hamadan (Kakuyids) |
Áit adhlactha | Avicenna Mausoleum (en) |
Visír | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Ioslam |
Áit chónaithe | Ray Bukhara Urgench Gorgan Hamadan |
Teanga dhúchais | an Pheirsis |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Míochaine, cumhartheiripe, fealsúnacht, loighic, Ilm al-Kalam (en) , filíocht, diagacht, eolaíocht an domhain, Fealsúnacht na heolaíochta, fisic, síceolaíocht, réalteolaíocht, ceimic, geolaíocht agus meicnic |
Gairm | fealsamh, matamaiticeoir, ceimiceoir, eiticí, dlí-eolaí Ioslamach, fisiceoir, dochtúir leighis, teoiricí ceoil, file, réalteolaí, scríbhneoir |
Tréimhse ama | Islamic Golden Age (en) |
Mac/iníon léinn de chuid | Abu Sahl 'Isa ibn Yahya al-Masihi |
Mac/iníon léinn | Bahmanyār |
Faoi thionchar | |
Teangacha | An Araibis agus an Pheirsis |
Saothar | |
Saothar suntasach |
Do scríobh Aviceanna 450 saothar, agus tá thart ar 240 desna saothair sin againn go fóill - 150 saothar a bhaineann leis an bhfealsúnacht, 40 saothar a bhaineann le cúrsaí leighis, agus saothair éagsúla a bhaineann leis an dtíreolaíocht, leis an ndiagacht, leis an bhfisic, chomh maith le saothair fhilíochta. Is iad na saothair is tábhachtaí de chuid Avicenna ná an chiclipéid a scríobh sé fé chúrsaí leighis, Riail na Liachta (Araibis: كتب ا لقا نون في ا لطب ['Ciotáb al Cánún fi al-Tib']), agus an chiclipéid fhealsúnachta a scríobh sé chun anam an duine a leigheas ar a ainbhios, Leabhar an Leighis (Araibis: کتاب الشفاء ['Ciotáb al-Sifeá']).
Sa lá atá inniubh ann, agus cé nach féidir ach le staraithe amháin leas a bhaint as na leabhair a scríobh Avicenna fé chúrsaí leighis, tá tábhacht ar leith leis na saothair fhealsúnachta dá chuid. Saothair is ea iad a bhfuil tionchair dhá thraidisiún fealsúnachta le feiscint iontu, traidisiún an Oirthir agus traidisiún an Iarthair. Tá oidhreacht Avicenna fós beo in Ioslam na hIaráine. San Iarthar, tá Aviceanna agus a chuid saothar fós ina n-ábhair mhachnaimh d'fhealsúna.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |