Audacht Morainn

Cnuasach nathanna teagaisc is ea Uacht Mhorainn (Sean-Ghaeilge Audacht[1] Morainn), a théann siar de réir fianaise teangan go dtí an 7ú nó 8ú haois. Deirtear gur scríobhadh í ag an mbreitheamh seanscéalach Morann mar threoir dá mhac altrama, an Feradach Find Fechtnach. Is é fír flathemon an t-alt is suntasaí le fáil ann.[2][3]

Dár leis an sean-nós, bhíodh torc á chaitheamh ag Morann thart timpeall a mhuineáil, a d'éiríodh níos teinne agus bréagbhreith á thabhairt aige. De réir leagain eile, chaitheadh an cosantóir an torc, agus dhéanadh ansin an breith arbh é ciontach nó nárbh é.[4]

Prós rithimeach é méadracht na n-abairtí, le han-úsáid uama.

Foinsí

  • Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3.
  • Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur. Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5.
  • Wolfgang Meid: Die Kelten. Reclams Universal-Bibliothek, Stuttgart 2007, ISBN 978-3-15-017053-3.

Féach freisin

Tagairtí

  1. aidacht, uacht, tiomna, ar eDIL
  2. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 889.
  3. Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur, lch. 32 f.
  4. Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur, lch. 237.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.