Arthur Holly Compton
Fisicí a rugadh i Wooster, Ohio ab ea Arthur Holly Compton (10 Meán Fómhair 1892 – 15 Márta 1962). Chuidigh sé le forbairt an bhuama adamhaigh. Roinn sé Duais Nobel na Fisice i 1927 as iarmhairt Compton a aimsiú, méadú i dtonnfhaid X-ghathanna nuair a imbhuaileann siad le leictreoin in adaimh le meáchain ísle adamhacha.[1]
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Arthur Holly Compton". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 167.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.