Art Deco

Téarma giorraithe ar an Exposition Internationale des Arts Décoratifs et Industriels Modernes (Taispeántas Idirnáisiúnta na Nua-Ealaíon Maisithe is Tionsclaíocha) a tharla i bPáras sa bhliain 1925 é Art Deco. Faoi seo ciallaíonn an téarma ealaíona maisithe na 1920idí-1930idí go ginearálta agus an stíl nua-aoiseach a bhain leo, meascán de Chiúbachas is Ealaín Nua, le dathanna callánacha is an sruthlíniú a bhaineann le haerárthaigh is gluaisteáin, a úsáideadh mar mhaisiúcháin ar earraí tí cosúil le taephotaí, raidiónna is troscáin.[1]

Dealbh i stíl Art Deco le Demetre Chiparus
Rodgers Theatre in Poplar Bluffs, Missouri, 1949

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Art Deco". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 49.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.