Arm Cathartha na hÉireann
Eagraíocht mhíleata ab ea Arm Cathartha na hÉireann (Béarla: Irish Citizen Army, giorrúchán: ICA) ar bhunaigh James Larkin, Jack White, Séamus Ó Conghaile agus daoine eile í sa bhliain 1913 leis an lucht oibre a chosaint ar lámh láidir Phóilíní Chathair Bhaile Átha Cliath.[1] Ba é 19 Samhain 1913 lá bunaithe na heagraíochta[2]), le linn an Fhrithdhúnta.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | trúpaí sealadacha páirtí polaitíochta |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Poblachtánachas in Éirinn |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 23 Samhain 1913 |
Bunaitheoir(í) | Séamus Ó Conghaile, Séamas Ó Lorcáin agus Jack White |
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1947 |
Gníomhaíocht | |
Ballraíocht | 1,000 (1913) |
Ballraíocht | 300 (1916) |
Ballraíocht | 200 (1920) |
Ballraíocht | 140 (1922) |
Ballraíocht | 300 (1934) |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Eagraíocht
Tar éis an fhrithdhúnta, bhí an t-arm lonnaithe i bPáirc Croydon, agus iad ag druileáil agus ag máirseáil sa tréimhse roimh Éirí Amach na Cásca. Bhí 350 ball san eagraíocht, a bheag nó a mhór, agus baint ag a bhformhór le ceardchumann éigin. Ba é an mana a bhí acu ná Ní don Rí ná don Kaiser a thugaimid dílseacht, ach d'Éirinn, is é sin níor thug an mana aitheantas d'aon difríocht idir an Rí agus an Kaiser (is é sin, Impire na Gearmáine) - bhí an bheirt acu chomh coimhthíoch le chéile ó thaobh na hÉireann de, nó sin é an teachtaireacht a bhí ann.
Bhí sainéide dá gcuid féin ag lucht an Airm seo agus iad ag déanamh a gcuid traenála go hoscailte. Mhaígh an Captaen Jack White, a bhí i bhfeighil ar dhruileáil na bhfear, go mbeadh meas acu orthu féin mar phobal.[3]
Ba é an céachta an tsiombail a bhí le feiceáil ar bhrat Arm Cathartha na hÉireann.[4] Sheas an Camchéachta mar shiombail don tSóisialachas Éireannach mar a tuigeadh don Chongaileach é, agus ba é ab impleacht don tsiombail ná, nuair a bhainfeadh Éire amach a saoirse, go mbeadh cumhacht aici agus ag a muintir ar a cinniúint féin ón talamh aníos go réaltaí na spéire féin.
Bhí roinnt gunnaí faighte faoi rún acu, a coimeádadh i gceanncheathrú an ITGWU (Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann) i Halla na Saoirse, gar do Theach an Chustaim.
1914–1916
Chuaigh Larkin go dtí na Stáit Aontaithe go luath sa bhliain 1914.
Chuaigh Séamas Ó Conghaile[5] i gceannas ar an Arm Chathartha sa bhliain 1914 agus rinne é a atheagrú le heagraíocht mhíleata réabhlóideach a dhéanamh de. Bhí an tArm Cathartha, faoin Chonghaileach, ina eagraíocht shóisialach phoblachtach a thacaigh le smaoineamh an éirí amach armtha agus bhí siad ag easaontú leis na daoine a bhí ag iarraidh moill a chur ar an Éirí Amach.[6]
Bhí Michael Mallin ina Cheann Foirne i gceannas ar an Arm níos déanaí. Ba é a bhí i gceannas le linn Éirí Amach 1916. Bhí an tArm Cathartha go mór i bhfách le gníomh armtha sa bhliain 1916.[6]
Tagairtí
- National Library of Ireland - 1916 Exhibition (2016). "Iad Siúd a Raibh Pleananna Eile Acu: Páirtí an Lucht Oibre: Jim Larkin agus Arm Cathartha na hÉireann". www.nli.ie. Dáta rochtana: 2021-11-19.
- (nó an 23 Samhain, de réir foinsí eile
- ucd.ie (2016). "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2021.
- Cathal de Paor. "Tá ceacht le foghlaim againn ón chéachta" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-11-19.
- Bhí dearcadh láidir sóisialach ag an gConghaileach, ach ba thírghráthóir é freisin agus chuaigh sé i bpáirt le hÓglaigh na hÉireann in Éirí Amach na Cásca.
- ccea.org.uk. "ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA: AIDHMEANNA AGUS IDÉIL NA REIBILIÚNACH". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-19. Dáta rochtana: 2021.