Ardal mac Cathail
Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Ardal mac Cathail (Sean-Ghaeilge Artgal mac Cathail (died 791).[1] Cathal mac Muireadhaigh Moilleathan (bás 735), ba ea a athair agus Dub-Indrecht mac Cathail (bás 768) a dheartháir, iar-ríthe beirt.[2] Síol Chathail ba ea a mhuintir. Bhí sé i gcoróin ón mbliain 777 go dtí 782.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 791 |
Teaghlach | |
Páiste | Cináed mac Artgail |
Athair | Cathal mac Muireadhaigh |
Siblín | Dub-Indrecht mac Cathail |
Sa bhliain 777, chloígh Uí Fhiachrach fir Chalraí.[3] Sa bhliain 778, bhuaigh Ardal in éadan Uí Mhaine i gCath Mag Dairben.[4]
Sa bhliain 780, cuireadh cáin Naomh Chomáin agus abb Aodháin i bhfeidhm sin tríú huair ar na Connachta.[5] D'éirigh Ardal as a choróin sa bhliain 782[6] agus d'imigh ar oilithreacht go dtí Oileán Cholm Cille an bhliain dár gcionn, áit a bhfuair sé bás sa bhliain 791.
Rinneadh rí Chonnacht fosta dá mhac, Cináed (bás 792).
Féach freisin
Naisc sheachtracha
Tagairtí
- Charles-Edwards, Early Christian Ireland
- Byrne, Irish Kings and High-Kings
- Annála Uladh, AU 777.7
- AU 778.10
- AU 780.14
- AU 782.2