Ard Aidhin
Is bruachbhaile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath é Ard Aidhin[1] (Artane nó Artaine as Béarla).
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Iar-eintiteas críochach riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath | |||
Baile | Baile Átha Cliath ![]() | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 3.86 km² ![]() | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1411655 |
Bhí caisleán ann ag muintir Hollywood, tráth. I 1534 chuir leantóirí Silken Thomas ardeaspag Bhaile Átha Cliath, John Allen, chun báis taobh amuigh den chaisleán. Leagadh é seo chun scoil thionsclaíoch a thógáil i 1870, faoi stiúradh na mBráithre Críostaí; Scoil Naomh Dáithí atá ann anois. Bunaíodh Banna Ceoil Bhuachaillí Ard Aidhin i 1872 agus tá an-aithne orthu mar gheall ar a dtaispeántais i bPáirc an Chrócaigh le linn cluichí tábhachtacha.
Tharla tubaiste ollmhór ann i bhFeabhra 1981, nuair a dódh club oíche Stardust agus fuair 48 duine bás.
Tagairtí
- “Ard Aidhin/Artaine | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
Naisc sheachtracha
![]() | Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.