Apple Inc.
Is comhlacht leictreonaice tomhaltais é Apple Inc. atá lonnaithe i gCupertino, California, SAM. Tá an-tábhacht ag baint leis an gcomhlacht i stair na ríomhaireachta.

|
|||||
![]() ![]() | |||||
Mana | Think different. (en) ![]() ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | úll ![]() | ||||
Sonraí | |||||
Ainm gearr | Apple ![]() | ||||
Cineál | fiontar corparáid comhlacht teicneolaíochta computer manufacturer (en) ![]() cuideachta phoiblí gnó branda eagraíocht ![]() | ||||
Foirm dlí | corparáid SAM ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1 Aibreán 1976, Los Altos ![]() | ||||
Bunaitheoir(í) | Steve Wozniak, Ronald Wayne agus Steve Jobs ![]() | ||||
Suíomh a chartlainne | |||||
Gníomhaíocht | |||||
Táirge | Apple TV (en) ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() | ||||
Stocmhalartán | (NASDAQ AAPL) - (TYO 6689) ![]() | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú (2018–) |
| ||||
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Tim Cook (2011–) ![]() | ||||
Líon fostaithe | 154,000 (2021) ![]() | ||||
Úinéir | The Vanguard Group (en) ![]() Berkshire Hathaway (5.86%). BlackRock (4.3%). State Street Global Advisors (en) ![]() ![]() | ||||
Fochomhlacht | Apple Czech (en) ![]() Apple (Iosrael) Apple (An Ghearmáin) SchemaSoft (en) ![]() Claris (en) ![]() Apple Sales International (en) ![]() Apple Store (en) ![]() Siri Inc. (en) ![]() Raycer (en) ![]() FingerWorks (en) ![]() Anobit (en) ![]() AuthenTec Prismo Graphics (en) ![]() FileMaker, Inc. (en) ![]() Braeburn Capital (en) ![]() Beats Electronics (en) ![]() ![]() | ||||
Úinéir de | |||||
Cuid de | NASDAQ-100 Big Tech (web) (en) ![]() Dow Jones Industrial Average (en) ![]() S&P 500 ![]() | ||||
Táscaire eacnamaíoch | |||||
Cothromas iomlána | 63,090 M$ (2021) ![]() | ||||
Ioncam iomlán | 383,285 M$ (2023) ![]() | ||||
Glanbhrabús | 96,995 M$ (2023) ![]() | ||||
Sócmhainní iomlána | 351,002 M$ (2021) ![]() | ||||
Eile | |||||
Uimhir teileafón | +1-800-275-2273 ![]() | ||||
Gradam a fuarthas | |||||
Suíomh gréasáin | apple.com ![]() | ||||
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Stair
Bhunaigh Steve Jobs agus Steve Wozniak an comhlacht i 1976. Bhí an-tionchar ag táirgí Apple ar mhargadh na ríomhaireachta pearsanta ó shin i leith. Tháinig an Apple II, ceann de na chéad micriríomhairí, amach i 1977.
Ba í fhorbairt Lisa i 1983 a thaispeáin cumhacht an chomhéadain ghrafaigh don domhan.
Thug Apple isteach an Macintosh i 1984, ag forbairt an cur chun cinn a bhí déanta acu le comhéadan grafach a bhíodh cairdiúil don úsáideoir. Tá clú ar úsáideoirí Apple mar thomhaltóirí dílse.
D'fhulaing Apple faoin iomaíocht ó chórais a bhí comhoiriúnach le IBM le linn na 1990í. Tháinig Steve Jobs ar ais mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin i 1997 agus thosaigh sé ar líne táirgí an chomhlachta a athstruchtúrú.
I 1998 bhí an-rath ar an iMac, go háirithe don dearadh tréshoilseach. D'eisídís an iPod, seinnteoir ceoil digiteach, i 2001 agus tá níos mó ná 100 milliún díolta ó shin.
Sheol Apple an iPhone i 2007. Guthán soghluaiste atá ann agus tá éileamh ollmhór air ar fud an domhain.
D'Athraíodh ainm an chomhlachta ó Apple Computer, Inc. go Apple Inc. ar an 9 Eanáir 2007 chun béim a leagan ar a margadh nua, leictreonaic tomhaltais.

Conspóidí
Tá an díospóid chánach Apple - an tAontas Eorpach an t-agra dlí i gcoinne trusta is mór ar domhan riamh. Rialaigh an Coimisiún Eorpach sa bhliain 2016 go raibh buntáiste ó thaobh cúrsaí cánach tugtha do Apple agus go raibh sé seo i gcoinne an dlí de réir rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le tacaíocht stáit.[1]
Tá an cheist fós ina chogadh dearg idir an Coimisiún Eorpach, ar taobh amháin agus Apple agus Éire ar an taobh eile. Tá na himeachtaí dlí ag dul ar aghaidh i gcónaí i láthair na huaire (2023).
Féach freisin
Tagairtí
- Nuacht RTÉ (2016-12-21). "Rialú Eorpach faoi chúnamh mídhleathach stáit" (as ga-IE).