Aorta
Is é an t-Aorta, (ón nGréigis "aeiro", ardaigh)[1] an fuileadán is mó sa cholainn dhaonna, a éiríonn as méadailín clé an chroí agus a thógann fuil a bhfuil ocsaigin inti go gach cuid den cholainn sa chóras imshruthaithe córasach.[2] Feictear é in ainmhithe eile chomh maith.
![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Laidin | artèria aorta o només aorta |
Cuid de | artery system (en) ![]() ![]() |
Aitheantóirí | |
MeSH | D001011 |
TA | A12.2.02.001 |
FMA | 3734 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
Téarmaíocht anatamaíoch |

Cúrsa an aorta
Is iondúil go roinntear an t-aorta ina chúig chuid/roinn[3][4]:
- An t-aorta éiritheach-an chuid idir an croí agus áirse an aorta
- Áirse an aorta- buaic an aorta atá cosúil le "U" bun os cionn
- An t-aorta íslitheach- an chuid den aorta ón áirse go dtí an pointe ag a roinneann sé ina artairí iliacha comónta
- Aorta an Tóracs- an leath den aorta íslitheach os cionn na scairte
- Aorta an abdómnain- an leath den aorta íslitheach faoi bhun na scairte
Gnéithe

Artaire leaisteach is ea an t-aorta, agus mar sin tá sé insínte go maith. Nuair a chrapann an méadailín clé le fuil a bhrú isteach san aorta, méadaíonn an t-aorta. Tugann an síneadh seo an fuinneamh poitéinsiúil a choinneoidh an brú fola i rith diastóil, mar go gcrapann an t-aorta go h-éighníomhach le linn an ama seo.
Radharc tosaigh ón tosach den chroí daonna agus é ar oscailt. Léiríonn na saighde bána gnáth-shreabhadh na fola.
Galair/Paiteolaíocht
- Ainéaras Chuas Valsalva
- Ainéaras Aortach- míotach(myotic), baictéarach (m.sh an bholgach fhrancach (an tsifilis)), siabhránach, géiniteach, bainteach le galar comhlach de chuid an chroí
- Ainéaras Aortach Diosctha
- Comhchaolú aortach- réamh-dhuchta, iar-dhuchta
- Ataireóiscléaróis
- Siondróm Marfan
- Siondróm Ehlers-Danlos
- Steanóis aortach
- Tráma, mar shampla maidhm thrámach aortach, den chuid is mó bíonn siad seo tóracsach agus aimhneasach don artaire fochlabhach ar chlé, agus bíonn siad marfach go minic.

Tagairtí
- Illustrated Steadman's Dictionary, 24ú ed.
- Maton, Anthea (1993). Human Biology Health. Englewood Cliffs, New Jersey: Prentice Hall. ISBN 0-13-981176-1.
- Tortora, Gerard J: "Principles of Human W. & Karen A. Koos: Human Anatomy, second edition, page 479. Wm. C. Brown Publishing, 1994 (ISBN 0-697-12252-2)
- De Graaff, Van: "Human Anatomy, fifth edition", pages 548-549. WCB McGraw-Hill, 1998 (ISBN 0-697-28413-1)
Naisc sheachtracha
![]() | Is síol anatamaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |